D’éirigh go hiontach arís i mbliana le Scéim na gCúntóirí Teanga de chuid Ghlór na nGael. Bhí 22 cúntóir fostaithe againn i 29 bunscoil agus iar-bhunscoil sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta fud fad na tíre. Is scéim fhíorthábhachtach í seo agus tá aiseolas an-dearfach faighte againn ó na scoileanna agus ó na cúntóirí féin. Oibríonn na […]
32 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta fógartha ar Ghearrliosta Ardán 2026 Fógraíodh inniu ar chlár Barrscéalta de chuid Raidió na Gaeltachta na grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta a bhfuil áit bainte amach acu ar Ghearrliosta Ardán 2026. Chuir breis agus 60 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta as fud fad na tíre breis agus 100 iontráil isteach ar Ardán […]
Bhí deireadh seachtain gnóthach ag an rannóg Theanga Tí le Lá Spraoi i Luimneach agus puball againn i dTeach Bhéal na mBuillí, Ros Comáin. Is i gColáiste Mhuire Gan Smál a bhí an Lá Spraoi, ócáid a eagraítear i gCúige difriúil gach bliain. D’fhreastail 29 teaghlach ar an ócáid a raibh seisiún céadfach, scileanna sorcais, […]
Bhí deis ag Órla le déanaí bualadh le hAva, Dennis agus coiste Chomhluadar Luimnigh chun plé a dhéanamh ar an obair den scoth atá ar bun acu agus ar an tionchar dearfach atá acu ar chur chun cinn na Gaeilge i gContae Luimnigh. Le linn an chruinnithe, pléadh réimse tionscnamh agus clár de chuid Ghlór […]
Chaith Órla lá speisialta le déanaí ar Oileán Chléire i gcuideachta Ruairí Uí Dhonnabháin agus an choiste áitiúil chun bualadh leis na gnólachtaí atá cláraithe do Ghradaim Gnó na hÉireann agus chun plé a dhéanamh ar a rannpháirtíocht in Ardán agus i Luachanna. Le linn na cuairte, bhuail Órla le baill éagsúla den phobal agus […]
Tá ríméad ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, tar éis glacadh le cuireadh na heagraíochta a bheith ina hÉarlamh ar Ghlór na nGael. Is mór an onóir don eagraíocht an t-aitheantas seo a fháil ó Uachtarán na hÉireann. Is léiriú tábhachtach é ar an meas náisiúnta atá ar […]
Tá ríméad ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil Séamus de Búrca ceaptha mar Chathaoirleach nua ar Choiste Riosca agus Iniúchóireachta na heagraíochta. Tagann Séamus chuig an ról seo le taithí na mblianta i gcúrsaí ceannaireachta, bainistíochta, agus cinnte go bhfuil dúthracht thar na bearta léirithe aige don Ghaeilge ar feadh a shaoil. Is […]
Tá Glór na nGael ag lorg scríbhneora/taighdeora chun taighde a dhéanamh agus stair chuimsitheach na heagraíochta a scríobh, óna bunú i 1961 go dtí an lá inniu. Beidh an saothar dírithe ar thionchar agus ar éifeacht Ghlór na nGael ar phobail Ghaeilge agus Ghaeltachta, ar fheachtais náisiúnta, ar scéimeanna, ar chomórtais agus ar fhorbairt na […]
Tá Ardán 2026 seolta, comórtas úrnua le haghaidh grúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta a thagann i gcomharbacht ar chomórtas stairiúil Ghlór na nGael. Tógann Ardán 2026 ar an traidisiún atá ag Glór na nGael ó 1961 i leith saothar ghrúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta a aithint agus a cheiliúradh. Tá duaischiste iomlán de €83,000 le […]
Tá céim thábhachtach eile tógtha ag Glór na nGael agus oifig nua oscailte againn anois in Ard Mhacha, i bhfoirgneamh Aonach Mhacha. Beidh an oifig seo ina bunáit oibre do cuid d’fhoireann na heagraíochta ó rannóga agus scéimeanna éagsúla, agus beidh sí rogha phraiticiúil do bhaill eile na heagraíochta agus iad ag obair ar fud […]
Tá poist Chúntóra Teanga ar fáil anois i gCorcaigh mar chuid de Scéim na gCúntóirí Teanga lasmuigh den Ghaeltacht, scéim atá á reáchtáil ag Glór na nGael thar ceann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Is é cuspóir na scéime ná tacú le páistí agus déagóirí a gcuid Gaeilge a fheabhsú, trí tacú […]
€72,000 bailithe don Palestine Red Crescent Society (PRCS) trí fheachtas ‘Ná Dún Do Shúile’ Ghlór na nGael Tá áthas ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil €72,000 bailithe anois don Palestine Red Crescent Society (PRCS), mar thoradh ar fheachtas tiomsaithe airgid náisiúnta ar mhaithe le pobal Gaza agus muintir na Palaistíne. Ag tús an […]