Cuireadh chun Tairisceana – Taighde agus Taifead ar Stair Ghlór na nGael

Tá Glór na nGael ag lorg scríbhneora/taighdeora chun taighde a dhéanamh agus stair chuimsitheach na heagraíochta a scríobh, óna bunú i 1961 go dtí an lá inniu. Beidh an saothar dírithe ar thionchar agus ar éifeacht Ghlór na nGael ar phobail Ghaeilge agus Ghaeltachta, ar fheachtais náisiúnta, ar scéimeanna, ar chomórtais agus ar fhorbairt na Gaeilge ar fud na tíre.

Tá buiséad molta de €15,000 ar fáil don obair, agus meastar go mbeidh an lámhscríbhinn chríochnaithe réidh faoi Fhómhar 2029. Ba cheart go mbeadh taithí ag iarratasóirí ar thaighde, ar scríbhneoireacht i nGaeilge agus ar obair agallóireachta.

Tá cur síos iomlán ar an gcuireadh chun tairisceana ar fáil trí chliceáil ar an gcnaipe seo:

Roghnaigh do theanga / Choose your language