Cathaoirleach Nua Ceaptha ar Choiste Riosca agus Iniúchóireachta Ghlór na nGael

Tá ríméad ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil Séamus de Búrca ceaptha mar Chathaoirleach nua ar Choiste Riosca agus Iniúchóireachta na heagraíochta. Tagann Séamus chuig an ról seo le taithí na mblianta i gcúrsaí ceannaireachta, bainistíochta, agus cinnte go bhfuil dúthracht thar na bearta léirithe aige don Ghaeilge ar feadh a shaoil.

Is as Luimneach ó dhúchas do Shéamus agus tá tréimhse seibhíse thar a bheith suntasach curtha de aige in Óglaigh na hÉireann. Tá a rian fágtha go láidir aige ar chur chun cinn na teanga san earnáil phoiblí agus sa phobal. Chaith sé seal idir 2016 agus 2021 ina Oifigeach Sinsearach Gaeilge agus ina Chathaoirleach ar an gComhdháil Gaeilge in Óglaigh na hÉireann, ag cinntiú go raibh áit lárnach ag an teanga san institiúid sin. Ar leibhéal an phobail, tá sé thar a bheith gníomhach i gContae Chill Dara, áit a bhfuil se ina Chathaoirleach ar Ghlór an Churraigh ó 2023 i leith agus ina bhall de Bhord Chill Dara le Gaeilge.

Guímid gach rath ar Shéamus sa ról nua seo agus muid ag tnúth go mór le bheith ag obair leis.

Roghnaigh do theanga / Choose your language