Is tionscadal de chuid Ghlór na nGael é an scéim teanga Tí chun tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge.
Tá an an suíomh gréasáin seo curth le chéile le bheith ina áis dóibh. Soláthraíonn Teanga Tí comhairle faoin dea-chleachtas is fearr, acmhainní tacaíochta agus spraoi, chomh maith le heolas faoi imeachtaí do theaghlaigh Ghaeilge.
Is bainisteoir é Marcas Mac Ruairí ar an rannóg Teanga Tí a bhíonn ag tacú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge agus ag forbairt líonraí do na teaghlaigh sin. Is as Dún Pádraig, Co. an Dúin, dó ó dhúchas agus b’iriseoireacht a chéad ghairm. Tá blianta fada caite aige ag plé le cúrsaí Gaeilge. Chuidigh sé le bunscoil a bhunú i nDún Phádraig. Tá ceithre leabhar staire scríofa aige agus staidéar saineolach déanta aige ar an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh. Tá MA aige sa Ghaeilge Nua agus Dioplóma sa Phleanáil Teanga.
Is Eoghanach í Sinéad Ní Mhearnóg Uí Ghéibheannaigh as an Caisleán Glas i lár Sléibhte Mhuintir Luinigh. Tá Céim Bhaitsiléara aici i nGaeilge agus Spáinnis agus Máistreacht sa Phleanáil Teanga ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Tá Sinéad ag obair mar Oifigeach Forbartha in Iarthuaisceart na tíre leis an rannóg Teanga Tí. Baineann ról s'aici le deiseanna a thabhairt do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge bualadh le chéile agus cairdeas a chruthú.
Tá Elaine ag obair linn sa Rannóg Teanga Tí i gCúige Mumhan. Oibríonn sí le teaghaigh atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid sa bhaile agus bualadh le daoine atá ar aon aigne leo.
Rugadh Elaine i gCorcaigh ach bhog sí go Chorca Dhuibhne ag aois a hocht. Is ansin i Lios Póil a fuair sí a cuid grá don Ghaeilge. Ina dhiaidh sin, bhí cónaí uirthi in áiteanna éagsúla i gCúige Mumhan idir Trá Lí, Corcaigh agus Tiobraid Árainn. Tá Elaine cáilthe mar mhúinteoir Gaeilge agus Tíreolaíocht. Taobh amuigh den saol oibre, is aoibhinn le Elaine canadh agus pictiúir a ghlacadh den dúlra, tá sí mar bhall don chór i dTrá Lí agus pé áit sa tír ina bhfuil sí tógfaidh sí pictiúr den tírdreach.
Is é an rud is fearr le Elaine faoin bpost ná bualadh le daoine gach lá
Tá Tara ag obair sa Rannóg Teanga Tí i gContae Átha Cliath agus i gCill Mhantáin. Is Bleá Cliathach í atá tagtha tríd an gcóras Gaelscolaíochta. Tá céim sa Ghaeilge agus sa Socheolaíocht aici ó Choláiste na Tríonóide, agus tá an-taithí aici ag obair i saol na Gaeilge. Tá ceathrar páiste aici agus í féin agus a fear céile Seán, á dtógáil le Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
Tá Niamh ag obair mar Oifigeach Forbartha sa rannóg Teanga Tí in oirthuaisceart na tíre. Rugadh agus tógadh Niamh in Iúr Cinn Trá agus is ansin a thit sí i ngrá leis an Ghaeilge agus í ag freastal ar an bhunscoil lán-Ghaeilge sa cheantar. Tá sí ag cur fúithí anois i mBéal Feirste. Tá céim sa Ghaeilge agus sa Fhraincis bainte amach aici ó Ollscoil na Banríona agus ta sí cáilithe mar mhúinteoir meánscoile Gaeilge agus Fraincs.