€72,000 bailithe ag an feachtas ‘Ná Dún Do Shúile’

€72,000 bailithe don Palestine Red Crescent Society (PRCS) trí fheachtas ‘Ná Dún Do Shúile’ Ghlór na nGael

Tá áthas ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil €72,000 bailithe anois don Palestine Red Crescent Society (PRCS), mar thoradh ar fheachtas tiomsaithe airgid náisiúnta ar mhaithe le pobal Gaza agus muintir na Palaistíne.

Ag tús an fheachtais, ba é €20,000 an sprioc a bhí againn. Mar eagraíocht náisiúnta, shocraíomar leas a bhaint as ár líonra de chlubanna CLG, grúpaí pobail, gréasáin teaghlaigh agus scoileanna le himeachtaí áitiúla a eagrú chun airgead a thiomsú. Ba léir dúinn go gasta go mbeadh an sprioc seo sáraithe.

Eagraíodh imeachtaí de gach cineál ar fud na hÉireann; maidineacha caife, tráth na gceist, ceolchoirmeacha, chomh maith le tionscnaimh sna scoileanna ar nós ‘lá gan obair bhaile’ agus ‘lá gan éide scoile’. Thairis sin, tugadh síntiúis i gcomhair biorán agus greamáin charranna a bhí againn, leis an teachtaireacht ‘Síocháin don Phalaistín’ orthu.

Tá formhór den airgead a bailíodh seolta chuig an PRCS cheana féin, agus tá an chuid eile á haistriú faoi láthair, anois agus deireadh á chur leis an fheachtas.

Dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael: “Nuair a chonaiceamar an uafás a bhí ag tarlú agus an fulaingt go léir, shíl muid go raibh orainn gníomhú ar bhealach éigin. Bhí a fhios againn go raibh líonra láidir pobail againn timpeall na tíre, agus chreideamar go mbeadh fonn orthu páirt a ghlacadh agus tacaíocht phraiticiúil a thabhairt. Shocraíomar sprioc réasúnta ag an tús, ach léirigh na clubanna, scoileanna, teaghlaigh, grúpaí pobail agus daoine aonair dlúthpháirtíocht thar cuimse. Is éacht iontach é an €72,000 a bailíodh agus is le gach duine a thug lámh chúnta, a d’eagraigh imeacht, a bhronn síntiús, nó a cheannaigh biorán agus greamán, an toradh.”

Ba mhaith le Glór na nGael buíochas ó chroí a ghabháil le gach club, grúpa, scoil agus duine aonair a ghlac páirt. Gabhaimid buíochas fosta le Crois Dhearg na hÉireann as an tacaíocht ón tús, leis An Foras Pátrúnachta agus Gaeloideachas, agus le hAmbasadóir Stáit na Palaistíne in Éirinn as an tacaíocht agus an misneach a tugadh dúinn le linn an fheachtais.

Roghnaigh do theanga / Choose your language