June 3, 2023

Pleanáil Teanga


Tá Glór na nGael tiomanta do thacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil sa phleanáil teanga do ghrúpaí pobail fud fad na tíre.

Tá Glór na nGael tiomanta do thacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil le go bhféadfaí dlús a chur faoi phróiseas na pleanála teanga nó borradh a chur faoi ghníomhaíochtaí pleanála teanga atá ar siúl cheana féin.

Cuireann foireann Ghlór na nGael ceardlanna ar an phleanáil teanga ar fáil ar bhonn réigiúnach a thabharfaidh buneolas do ghrúpaí pobail agus do ghníomhairí mar chuidiú tabhairt faoin a bplean féin a chur le chéile. Tá foireann Ghlór na nGael ar fáil chun chuidiú agus comhairle a thabhairt do ghrúpaí pobail ag am ar bith agus iad i bun pleanála. Trí cuairteanna rialta timireachta, cuirfidh Glór na nGael seirbhís leanúnach comhairleoireachta ar fáil do ghréasan leathán do choistí pobail i rith na bliana.

Tá ‘Roghannna’, lámhleabhar eolas faoin Phleanáil Teanga a d’fhoilsigh Glór na nGael ar fáil ó www.siopaudar.ie

SRUTHANNA

SRUTHANNA sraith de ghearrfhíseáin spreagúla a tugann léargas géarchúiseach ar bhunphrionsabail na pleanála teanga.  Sa sraith seo, tá trí fhíseán (thíos) a tabharfaidh idir eolas sárluachmhar agus treoir fíorúsáideach don choiste pobail ar mhaith leis tabhairt faoin phróiseas pleanála.
Arna scríofa agus curtha i láthair ag Hannah Ní Dhoimhín, stiúrtha agus taifeadta ag Feilimí O’Connor agus léirithe ag Glór na nGael le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.


X
X