32 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta ar Ghearrliosta Ardán 2026

32 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta fógartha ar Ghearrliosta Ardán 2026

Fógraíodh inniu ar chlár Barrscéalta de chuid Raidió na Gaeltachta na grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta a bhfuil áit bainte amach acu ar Ghearrliosta Ardán 2026.

Chuir breis agus 60 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta as fud fad na tíre breis agus 100 iontráil isteach ar Ardán 2026, comórtas úrnua a thagann i gcomharbacht ar chomórtas stairiúil Ghlór na nGael. Seo an rannpháirteachas is airde riamh i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael.

Bronnfar duaiseanna ar gach grúpa a bhfuil áit bainte amach acu ar an ngearrliosta.

€83,000 an duaischiste iomlán atá ann do Ardán 2026, lena n-áirítear €20,000 don chéad áit agus €10,000 don dara háit, chomh maith le duaiseanna sna hocht gcatagóir agus deich nduais aitheantais speisialta.

Is iad na hocht gcatagóir de chuid an chomórtais ná: An Óige; An Teaghlach; An Ghaeltacht; Oideachas; Tacaíochtaí Pobail & Folláine; Gnó & Fiontraíocht; Labhairt na Gaeilge; agus Caomhnú Comhshaoil agus Caomhnú Oidhreachta.

Bhí ionadaithe de chuid Ghlór na nGael, Brian Ó Gallachóir agus Seán Ó Cuirrín, i láthair i stiúideonna Raidió na Gaeltachta chun an fógairt a dhéanamh ar na grúpaí ar éirigh leo áit a bhaint amach ar Ghearrliosta Ardán 2026.

Deir Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Rannóg Pobal agus Fiontraíochta Ghlór na nGael:

“Ábhar misnigh dúinn uilig an ardspéis atá léirithe ag pobail na Gaeilge agus pobail na Gaeltachta sa chomórtas seo. Tá muid ag súil go mór anois le comhdháil iontach spreagúil mar chuid den mholtóireacht phoiblí a bheas againn i nGaillimh i mí Mheán Fómhair. Tá tús láidir curtha leis an gcomórtas nua agus gabhaim comhghairdeas le gach grúpa a bhain áit amach ar an ngearrliosta agus go deimhin le gach grúpa a chuir isteach ar an gcomórtas, go háirithe iad siúd nach raibh páirteach i gcomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael roimhe seo. Tá súil agam go mbeidh muid in ann an comórtas a leathnú amach sna blianta atá amach romhainn chun gur féidir linn níos mó grúpaí a thabhairt isteach ann.”

Beidh Ardán 2026 ar siúl in Óstán Chonnacht, Gaillimh, ar an 19 Meán Fómhair 2026.

Chun tuilleadh eolais a fháil, gabh chuig www.glornangael.ie/ardan

Gearrliosta Ardán 2026

Rannóg:

Labhairt na Gaeilge

  • Carraig ag Caint – Contae Chorcaí
  • Pobal Rua – Contae na Gaillimhe
  • Pobal ar a’n Iúl – Contae Thír Eoghain
  • Gaillimh le Gaeilge – Contae na Gaillimhe

An Ghaeltacht

  • Ionad na nImirceach CTR – Contae na Gaillimhe
  • Coiste Féilte Chill Chiaráin – Contae na Gaillimhe
  • Coiste Forbartha Chnoc Fola – Contae Dhún na nGall
  • Fóram um Pleanáil Teanga Chois Fharraige – Contae na Gaillimhe

Tacaíochtaí Pobail & Folláine

  • An Droichead – Contae Aontroma
  • Pobal Eascarrach – Contae Dhún na nGall
  • Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille – Contae Dhún na nGall
  • Comhar Chuigéal Teo. – Contae na Gaillimhe

Oideachas

  • Coiste Forbartha Charn Tóchair – Contae Dhoire
  • Cultúrlann Uí Chanáin – Contae Dhoire
  • Cill Dara le Gaeilge – Contae Chill Dara
  • Gaeilge Locha Riach – Contae na Gaillimhe

An Teaghlach

  • Gaeil Ruairí Óg agus Gaeil na nGlinntí – Contae Aontroma
  • Céim ar Chéim – Contae Chorcaí
  • Tae agus Play – Contae Liatroma
  • Fís an Phobail – Contae Aontroma

An Óige

  • Glór Uachtar Tíre – Contae an Dúin
  • Glór na Móna – Contae Aontroma
  • Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt – Contae Dhún na nGall
  • Glór Cheatharlach – Contae Cheatharlach

Caomhnú Comhshaoil agus Caomhnú Oidhreachta

  • Ionad Uíbh Eachach – Contae Aontroma
  • Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain – Contae Aontroma
  • Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair – Contae Dhún na nGall
  • Gaeláras Mhic Ardghail – Contae an Dúin

Gnó & Fiontraíocht

  • Comhlacht Forbartha Inis Meáin CTR – Contae na Gaillimhe
  • An Clár as Gaeilge – Contae an Chláir
  • BSG An Clochán Liath – Contae Dhún na nGall
  • Muineachán le Gaeilge – Contae Mhuineacháin

Duaiseanna Aitheantais Speisialta

Fógraíodh deich nduais aitheantais speisialta a bhronnfar ar na grúpaí seo a leanas:

  • Conradh na Gaeilge, Craobh Pheadair Uí Dhubhda, Dún Dealgan. – Contae Lú
  • Coiste Ghaeloideachas Chromghlinne – Contae Aontroma
  • Aisteoirí an Bhaile – Contae na Gaillimhe
  • Comhlacht Forbartha Mhúscraí – Contae Chorcaí
  • Coiste Óige Bunscoile Inis Oírr – Contae na Gaillimhe
  • Coiste Cheathrú Thaidhg – Dún Chaocháin – Contae Mhaigh Eo
  • Craobh Cholm Cille – Contae Bhaile Átha Cliath
  • Gaelphobal Ard Mhacha Theas – Contae Ard Mhacha
  • Coiste Forbartha Dhobhair Teo – Ionad Naomh Pádraig – Contae Dhún na nGall
  • Comhar Fhánada & Ghleann Bhairr – Contae Dhún na nGall

Roghnaigh do theanga / Choose your language