Bhí deis ag Órla le déanaí bualadh le hAva, Dennis agus coiste Chomhluadar Luimnigh chun plé a dhéanamh ar an obair den scoth atá ar bun acu agus ar an tionchar dearfach atá acu ar chur chun cinn na Gaeilge i gContae Luimnigh. Le linn an chruinnithe, pléadh réimse tionscnamh agus clár de chuid Ghlór […]
Chaith Órla lá speisialta le déanaí ar Oileán Chléire i gcuideachta Ruairí Uí Dhonnabháin agus an choiste áitiúil chun bualadh leis na gnólachtaí atá cláraithe do Ghradaim Gnó na hÉireann agus chun plé a dhéanamh ar a rannpháirtíocht in Ardán agus i Luachanna. Le linn na cuairte, bhuail Órla le baill éagsúla den phobal agus […]
Tá Glór na nGael ag glacadh le hainmniúcháin anois do Fhiontraí Óg na Bliana 2026, gradam speisialta atá mar chuid den scéim náisiúnta aitheantais GRADAIM Gnó na hÉireann. Is í aidhm na scéime seo gnólachtaí agus fiontraithe a spreagadh, a mholadh agus a aithint as an obair atá ar bun acu chun an Ghaeilge a […]
Tá clárú oscailte anois do Ghradaim Gnó na hÉireann 2026, agus ba mhór againn fáilte a chur roimh do ghnó a bheith páirteach. Tar éis bliain den scoth in 2025, le rannpháirtíocht láidir ó gach cearn den tír agus aitheantas tuillte ag réimse leathan gnólachtaí, táimid ag súil le bliain iontach eile in 2026. Is […]
Dáithí Ó Sé, an láithreoir clúiteach teilífíse, a bhronn na gradaim Fiontraí Óg na Bliana mar chuid de ócáid GRADAIM Gnó na hÉireann a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ar an 17/11/2025. Is iad “Eco-Paws” ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall a thug leo an gradam i rannóg 1 (aoisghrúpa 12-18), agus is […]
Liosta iomlán buaiteoirí ag an bhun! I mbliana, bhain 160 gnólacht aitheantas GRADAIM Gnó na hÉireann amach, an líon is mo ó seoladh an scéim i 2021. Bhailigh breis agus 270 ionadaí ón earnáil ghnó le chéile ag ócáid speisialta a d’eagraigh Glór na nGael i bPáirc an Chrócaigh ar an 17 Samhain 2025, chun gnólachtaí […]
Tá leagan nua de leabhrán GRADAIM foilsithe ag Glór na nGael don bhliain 2025. Tugann an leabhrán seo eolas do ghnólachtaí ar an scéim agus ar an phróiseas atá i gceist leis an scéim. Is é seo an ceathrú bliain den scéim, agus leis sin, an ceathrú leagan den leabhrán. I mbliana, roghnaíodh roinnt pictiúr […]
Le dhá sheachtain anuas, bhí oifigigh Ghlór na nGael ag bualadh le coistí pobail ó gach cearn den tír chun moltóireacht a dhéanamh ar an obair ar fad a rinne siad sa bhliain 2024 mar chuid de Chomórtas Ghlór na nGael 2024. I mbliana, rinneadh gearradh siar ar an mhaoiniú a fhaigheann Glór na nGael […]
Tá an gradam “Fiontraí Óg na Bliana” ann chun aitheantas a thabhairt do bheirt a chuireann an Ghaeilge agus an gnó chun cinn ina gcuid oibre. Ainmnítear beirt gach bliain don duais seo – duine amháin idir 12 agus 18 mbliana d’aois, agus duine eile idir 18 agus 21 bliain d’aois. Is é seo an […]