
Bhí Úna lárnach i mbunadh Anam – caifé agus fiontar sóisialta in Iarthar Bhéal Feirste ina mbíonn aos óg an cheantair chun tosaigh i mbainistiú an ghnó. Chuir Úna go mór lena cuid buanna agus scileanna anseo, idir taithí ag obair sa ghnó, agus traenáil ar shábhailteacht bia, bainistiú airgid, agus déanamh caife. D’úsáid Úna na scileanna seo le post eile a fháil i gCultúrlann McAdam Ó Fiach.
Tá dúil ag Erin Rose sa Ghaeilge ag dul siar i bhfad. D’fhreastail sí ar Choláiste Feirste, áit ina rinne sí staidéar ar an ghnó, chomh maith le hábhair eile do na scrúdaithe A Leibhéal. Tá baint mhór ag Erin Rose le cúrsaí i dTigh Mhadáin, teach tábhairne gur le Clann Mhic Maoláin é. Chomh maith le seirbhís a chuir ar fáil i nGaeilge ins an teach tábhairne, cuidíonn sí le himeachtaí Gaeilge a eagrú agus deiseanna labhartha do chainteoirí Gaeilge a chur ar fáil.
Ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí do Ruairí Ó hÓgáin, Diarmuid Ó Seaghadha, Leo de Brún agus Cathal Ó Dufaigh. Bhunaigh siad an chomhlacht Fíricí Fánacha mar thionscadal idirbhliana ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Chruthaigh siad an cluiche ‘Fíricí Fánacha’, ar chluiche quiz é i nGaeilge bunaithe ar an spóirt. Tá 200 ceist ann faoin CLG, rugbaí, sacar, agus spóirt eile atá clóite ar chartaí agus ar díol go háitiúil agus ar líne. Tá súil acu a gcuid díolacháin a leathnú chuig margadh níos leithne amach anseo. Deir na moltóirí go bhfuil bua ar leith ag na fir óga seo don fhiontraíocht agus go bhfuil paisean acu don Ghaeilge agus don spóirt.
Is as Anagaire i nGaeltacht Dhún na nGall do Mia Nic Dáibhéid a thosaigh a gnó fein ag díol uachtar reoite ar láthair an ghnó teaglaigh. D’oscail sí Siopa Uachtar Reoite Mhic Dhaibhéid 2021. Deir Mia go raibh sí ag iarraidh gnó a bhunú le tamaill agus thapaigh sí an deis. Tá an siopa ag fás gach uile lá ó shin de bharr saothar an deichniúir atá anois ag obair ann agus dá bharr úsáid cliste na meáin shoisialta. Chonaic 300,000 duine an chéad fhíséan a rinne siad i nGaeilge ar líne. Tá uachtar reoite an-bhlasta, creathán bainne, donnóga sheacláide, vaiféal agus go leo rudaí milse eile ar díol ann. Deir na moltóirí go bhfuil fás agus forbairt iontach tagatha ar ghnó nua Mia le dhá bhliain anuas agus go bhfuil a díogras don ghnó le moladh.
Is í Róisín Dalby buaiteoir Fiontraí Óg na Bliana 2022, Rannóg 1 (Aois 12-18). Is as Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí do Róisín agus tá sí ag obair léi sa Goat Caifé, sa Daingean. Tá polasaí Gaeilge ar dtús in úsáid aici féin ar obair ina mbeannaíonn sí do gach custaiméir i nGaeilge. Creideann Róisín go gcuireann úsáid na Gaeilge sa chaifé go mór leis an eispéireas cultúrtha sa bhaile agus chuige sin, tá sí ag cuidiú lena comhghleacaithe cur leis an Ghaeilge atá acu. Tá Róisín tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht agus is cinnte gur ionach an spreagadh í do dhaoine eile i nGhaeltacht Chorca Dhuibhne.
Is í Aoibhín Ní Dheagha buaiteoir Fiontraí Óg na Bliana, Rannóg 2 (Aois 18-21). Is ó Ghaoth Dobhair d’Aoibhín agus tá a gnó féin aici, Cácaí Aoibhín, a bhunaigh sí nuair nach raibh sí ach ceithre bliana déag d’aois. Tá sí anois ag déanamh cístí le haghaidh siopaí agus caiféanna fud fad Ghaeltacht Iarthuaisceart Thír Chonáill chomh maith le orduithe speisialta, ar nós cístí bhreithlá agus cístí posta. D’oscail sí cistín nua dá cuid féin ar na moillibh. Creideann Aoibhín go bhfuil ról tabhachtach ag an fhiontraíocht i gcaomhnú na teanga sa Ghaeltacht agus ba mhaith léi cuidiú leis an Mheitheal Pleanála Teanga chun daoine óga an cheantair a spreagadh i dtreo na fiontraíochta.