Seacht bpost páirtaimseartha ar fáil i gCorcaigh

Tá poist Chúntóra Teanga ar fáil anois i gCorcaigh mar chuid de Scéim na gCúntóirí Teanga lasmuigh den Ghaeltacht, scéim atá á reáchtáil ag Glór na nGael thar ceann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Is é cuspóir na scéime ná tacú le páistí agus déagóirí a gcuid Gaeilge a fheabhsú, trí tacú le scoileanna deiseanna breise saibhrithe agus sealbhaithe teanga a eascú.

Oibríonn an cúntóir teanga lámh ar láimh leis an múinteoir sa rang nó san ábhar, ag cur gníomhaíochtaí praiticiúla ar fáil le muinín labhartha, stór focal agus scileanna cumarsáide na ndaltaí a neartú ar bhealach nádúrtha taitneamhach.

Más dóigh leat gur post é seo duitse, seol CV agus litir chumhdaigh chuig sct@glornangael.ie roimh mheán lae, 06.02.2026. Agus, má tá duine éigin ar d’aithne a mbeadh suim acu ann, scaip an scéal, seans gurb é seo go díreach an deis atá á lorg acu.

Tá na poist ar fáil sna seacht scoil seo i gCorcaigh: Gaelscoil an Ghoirt Alainn; Gaelscoil an Chaisleáin (Baile an Chollaigh); Gaelscoil Uí Dhrisceoil (Dún Citil/Gleann Maghair); Coláiste an Phiarsaigh (Gleann Maghair); Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa (Baile Féitheán); Gaelscoil Mhachan (Machan/An Charraig Dhubh); Gaelscoil na Dúglaise (Dubhghlas).

Eolas agus sonraíocht poist

Roghnaigh do theanga / Choose your language