
Tacaíonn Glór na nGael le grúpaí súgartha gurb í an Ghaeilge teanga na ngrúpaí sin.
Tugann na grúpaí súgartha a fheidhmíonn le Gaeilge deis do pháistí tús a chur le foghlaim scileanna sóisialta agus an Ghaeilge a chloisteáil i suíomh nadúrtha taobh amuigh den bhaile. Bíonn tuismitheoirí ábalta sult a bhaint as caidreamh agus líonra tacaíochta a chruthú
Is íosmhéid de chúig theaghlach a bheidh páirteach i ngach grúpa. Is féidir go bhfuil Gaeilge líofa, Gaeilge mheasartha ag tuismitheoirí agus iad ag iarraidh feabhas a chur lena gcumas nó iad ar bheagán Gaeilge ach gur mian leo caighdeán níos airde a bhaint amach. Tá áit ann dóibh sa scéim seo.
Is iad aidhmeanna an ghrúpa súgartha:
Má tá suim agat grúpa súgartha a bhunú, tá oifigigh fhorbartha Ghlór na nGael ar fáil le comhairle agus tacaíocht a sholáthar. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar marcas@glornangael.ie
Tá clár oibre gníomhaíochtaí foilsithe ag Glór na nGael a thabharfaidh treoir dóibh siúd atá ag eagrú grúpaí súgartha trí mheán na Gaeilge.
Is clár gníomhaíochtaí à la carte é an foilseachán nua seo, Clár Spraoi do Ghrúpaí Súgartha, inar féidir míreanna a roghnú as 120 gníomh faoi 30 téama.
Ba í Suzy Uí Ghallachóir, arb as Leitir Ceanainn di agus atá i mbun gnó Na Tootsies Beaga, a scríobh an leabhar do Ghlór na nGael. Beidh sé ina áis iontach do ghrúpaí súgartha Gaeilge agus teaghlaigh araon.
Mar ábhar tacaíochta do Clár Spraoi Do Ghrúpaí Súgartha, tá sraith físeán curtha ar YouTube ag Glór na nGael agus iad ag plé le rannta agus dánta, ióga do leanaí agus aireachas do leanaí.
Is iad Áine Ní Shúilleabháin, údar Bróga Nua, Ciarán Mac Fhearghusa, Óga Yoga agus Katie McGreal ó Solas Relaxation a chuireann na físeán i láthair. Tá teacht orthu thíos.
Gabhaimid buíochas leo uilig agus le Léiriú Súgradh Teo a léirigh iad dúinn.