Tá céim thábhachtach eile tógtha ag Glór na nGael agus oifig nua oscailte againn anois in Ard Mhacha, i bhfoirgneamh Aonach Mhacha. Beidh an oifig seo ina bunáit oibre do cuid d’fhoireann na heagraíochta ó rannóga agus scéimeanna éagsúla, agus beidh sí rogha phraiticiúil do bhaill eile na heagraíochta agus iad ag obair ar fud Chúige Uladh.
Le hoscailt na hoifige seo in Ard Mhacha ó mhí Eanáir, tá Glór na nGael anois le feiceáil go fisiciúil i gCúige Uladh, rud a thacóidh leis an obair atá ar bun againn le Clubanna CLG, grúpaí pobail, gnólachtaí agus teaghlaigh, agus leis an líonra leathan daoine a chuireann an Ghaeilge chun cinn ó lá go lá. Is céim phraiticiúil í a thabharfaidh solúbthacht agus tacaíocht bhreise dár bhfoireann, agus spás oibre fóirsteanach agus muid ag cur ár gcuid scéimeanna agus tionscnamh chun cinn ar fud na tíre.