Site logo

Scéim na gCúntóirí Teanga lasmuigh den Ghaeltacht

Ag cuidiú le páistí agus déagóirí scoile a gcuid Gaeilge a fheabhsú tríd an gCóras Oideachais

Ag tús na bliana, 2023, d’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D. go raibh ciste ar fiú €508,640 ceadaithe aige thar tréimhse dhá bhliain (2023/2024 – 2024/2025) chun go mbeidh scoileanna lánGhaeilge i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i mbailte Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga in ann cúntóir teanga a fhostú mar chuid den phróiseas pleanála teanga.

Beidh suas le 27 scoil a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa seacht mBaile Seirbhíse Gaeltachta agus sa trí Líonra Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga in ann leas a bhaint as an scéim luachmhar seo. Meastar go bhféadfadh tuairim is 25 cúntóirí teanga a bheith fostaithe faoin scéim agus í faoin lán seoil. Is é an cuspóir a bhaineann leis an scéim ná tacú le scoileanna deiseanna breise saibhrithe agus sealbhaithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail na scoileanna i gceist.

Ról an Chúntóra Teanga

  1. Den chuid is mó, tá sé i gceist go mbeadh an cúntóir teanga ag obair lámh ar lámh leis an múinteoir ranga (bunscoileanna) nó an múinteoir ábhar (iar-bhunscoileanna),agus leis an múinteoir tacaíochta don Ghaeilge de réir mar is cuí chun tacú leis na spriocanna teanga agus na torthaí foghlama atá le baint amach.
  2. I mbunscoileanna, ba cheart go mbeadh an cúntóir teanga in ann tacaíochtaí breise a thabhairt do na daltaí/ scoláirí atá aitheanta faoi threoir an phríomhoide, an mhúinteora ranga agus i gcomhairle leis an múinteoir tacaíochta don Ghaeilge
  3. D’fhéadfadh an cúntóir teanga tacú leis an múinteoir ranga/múinteoir ábhar deiseanna a sholáthar d’fhoghlaimeoirí ar bhonn scoile uile trí dhrámaíocht, agallamh beirte, lúibíní, díospóireachtaí, scéalaíocht, filíocht agus trí threisiú na n-ealaíona dúchais go ginearálta.
  4. Tá ról tábhachtach ag an gcúntóir teanga chun tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge sa scoil agus tacú le saibhriú scileanna cumarsáide agus forbairt foclóra na gcainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí araon tríd an scéalaíocht, rímeanna, rainn, nathanna cainte saibhre, drámaí beaga agus cluichí teanga a imirt
  5. Tá ról tábhachtach ag an gcúntóir teanga freisin:
  • tacú le daltaí /scoláirí atá ar bheagán Gaeilge i gcomhar leis an múinteoir ranga
  • bealaí a aontú le is an múinteoir ranga chun tuairisciú ar dhul chun cinn na ndaltaí/ scoláirí nó ar aon sainriachtanais teanga a thugtar faoi deara

6. D’fhéadfadh an cúntóir teanga suim na dtuismitheoirí a spreagadh i saibhriú Ghaeilge a bpáistí trí labhairt leo faoina c(h)uid oibre féin

SCOILEANNA ATÁ PÁIRTEACH SA SCÉIM

Tá an scéim seo ceadaithe sna scoileanna seo a leanas atá lonnaithe i gceantair a bhfuil plean teanga scríofa agus faofa ann i mBailte Seirbhíse Gaeltachta nó Líonra Gaeilge:

Baile Locha Riach (Líonra Gaeilge)

  • Gaelscoil Riabhach

Caisleán an Bharraigh (Baile seirbhíse Gaeltachta)

  • Gaelscoil Raifteirí

Cathair na Gaillimhe (Baile seirbhíse Gaeltachta) 

  • Scoil Iognáid
  • Gaelscoil Dara
  • Scoil Fhursa

Cathair Saidhbhín (Baile seirbhíse Gaeltachta)

  • Coláiste na Sceilge

Cluain Dolcáin (Líonra Gaeilge) 

  • Gaelscoil na Camóige
  • Gaelscoil Chluain Dolcáin
  • Coláiste Chilliain

Inis (Líonra Gaeilge) 

  • Gaelscoil Mhichíl Cíosóg
  • Gaelcholáiste an Chláir

Dún Gharbháin (Baile seirbhíse Gaeltachta)

  • Scoil Gharbháin

Leitir Ceanainn (Baile seirbhíse Gaeltachta) 

  • Gaelscoil Adhamhnáin
  • Coláiste Áiligh

Trá Lí (Baile seirbhíse Gaeltachta) 

  • Gaelscoil Mhic Easmuinn
  • Gaelcholáiste Chiarraí

LIOSTA NA SCOILEANNA FÉIDEARTHA

Tá féidearthachtaí ann an scéim seo leathnú amach sna scoileanna seo a leanas ach plean teanga a bheith scríofa agus faofa sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta seo thíos:

An Uaimh (Baile seirbhíse Gaeltachta)

  • Gaelscoil an Teaghlach Naofa

Cathair Chorcaí (Baile seirbhíse Gaeltachta) 

  • Gaelscoil Uí Riordáin
  • Gaelscoil Uí Riada
  • Scoil an Athair Tadhg Ó Murchú
  • Gaelscoil Mhachan
  • Gaelscoil Peig Sayers
  • Gaelscoil an Ghoirt Álainn
  • Gaelscoil Uí Drisceoil
  • Gaelscoil an Chaisleáin
  • Coláiste an Phiarsaigh
  • Gaelcholáiste Mhuire
  • Coláiste Daibhéid

Baile Dhún na nGall (Baile seirbhíse Gaeltachta)

  • Gaelscoil na gCeithre Máistrí

Tá Scéim na gCúntóirí Teanga taobh amuigh den Ghaeltacht á reáchtáil ag Glór na nGael thar ceann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, mar bheart sonrach ón bPlean Gníomhaíochta 2018 – 2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.