Gradaim, Luachanna, Ardán agus Gaeilge faoi chaibidil i Luimneach
Posted on
An Ghaeilge i gcroílár shaol Oileán Chléire
Posted on
Tá ainmniúcháin oscailte do Fhiontraí Óg na Bliana 2026
Posted on
Clárú oscailte anois do Ghradaim Gnó na hÉireann 2026
Posted on
Gailearaí – Ócáid Bhronnta GRADAIM 2025
Posted on
Cad é GRADAIM...
...don Ghnó?
Comhartha aitheantais náisiúnta atá i GRADAIM as an mhéid atá déanta ag gnó chun cinntiú go bhfuil spás ann don Ghaeilge. Má tá cinneadh tógtha agat an Ghaeilge a úsáid i do ghnó féin, nó más rud é go bhfuil tú ag tabhairt measa don Ghaeilge ann le fada an lá, léirigh sin don phobal trí plaic GRADAIM a shaothrú agus a chur in airde.
Léiríonn duais náisiúnta GRADAIM don phobal cén leibhéal seirbhíse i nGaeilge nó feiceálacht na Gaeilge ar féidir a bheith ag súil leis ó ghnóthaí. Is féidir le pobal na Gaeilge a bheith cinnte go bhfuil an t-eolas seo cruinn agus iontaofa mar gheall ar an phróiseas cuimsitheach mheasúnaithe atá curtha i bhfeidhm ag GRADAIM.
Comhartha atá i nduais GRADAIM a léiríonn don phobal go bhfuil meas ag an ghnó don Ghaeilge agus do lucht labhartha na Gaeilge. Cuireann sé in iúl chomh maith do phobal na Gaeilge go bhféadfaidh bheith ag súil le leibheál airithe seirbhíse inár dteanga féin.
Cur isteach ar GRADAIM le haghaidh do ghnólachta féin