Is scéim tacaíochta de chuid Glór na nGael i gcomhpháirtíocht leis an Cumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, atá dírithe ar chlubanna ar mhaith leo ról a chinntiú don Ghaeilge i saol an chlub.
Tá an scéim oiriúnach do gach cineál club; clubanna atá ag iarraidh an chéad chéim a ghlacadh i dtaobh cur chun cinn na Gaeilge, agus clubanna eile atá ag obair go dian cheana féin ar chúrsaí teanga. Nuair a chláraíonn club leis an scéim tagann oifigeach forbartha de chuid Glór na nGael amach le bualadh le coiste an chlub, agus le plean a chur le chéile don bhliain. Trí scéim deontais, cuirtear tacaíocht airgid ar fáil le tacú leis an phlean sin a chur i bhfeidhm, agus bronntar boinn ar chlubanna de réir mar a bhaineann siad spriocanna na fondúireachta amach.
Clárúchán
Chun clárú le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, is gá do chlubanna a spéis a chur in iúl ar an gcéad dul síos trí fhoirm léiriú spéise a chomhlánú. Ina dhiaidh sin, rachaidh Oifigeach de chuid Glór na nGael i dteagmháil leis an gclub chun nasc don fhoirm chlárúcháin a chur ar fáil.
Is é €40 sa bhliain an táille chlárúcháin, agus caithfidh clubanna clárú gach bliain chun a bheith rannpháirteach sa scéim.
Sa phróiseas clárúcháin, iarrfar ar chlubanna eolas cuimsitheach a chur ar fáil maidir leis an chlub, leis an oifigeach Gaeilge nó teagmhálaí ainmnithe sa chlub agus stádas na Gaeilge sa chlub faoi láthair.
Tá an próiseas seo ann chun rannpháirtíocht ghníomhach a spreagadh i gclár oibre na Fondúireachta ar bhonn leanúnach.
Tá 50 sprioc san iomlán ag Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, agus leagann an Fhondúireacht 40 acu amach, agus fágtar 10 sprioc ar fáil do chlubanna dá dtionscadail féin i dtaobh cur chun cinn na Gaeilge. Cuirtear béim ar chaighdeán na spriocanna seachas ar a líon amháin.
Tá spriocanna áirithe riachtanach ag gach leibhéal, agus ní féidir bonn a bhaint amach mura mbíonn siad comhlíonta.
Déantar an moltóireacht bhliantúil i mí Dheireadh Fómhair. Déanann an tOifigeach Forbartha áitiúil an measúnú do Bhonn Cré-Umha, agus déanann Foireann Ghlór na nGael an moltóireacht do Bhoinn Airgid agus Óir.
Caithfidh clubanna fianaise shoiléir a chur ar fáil do gach sprioc, ar nós grianghraf, físeán, polasaí nó póstaer, agus ní féidir an fhianaise chéanna a úsáid do níos mó ná sprioc amháin. Moltar cur i láthair a ullmhú don phróiseas measúnaithe.
Chun bonn a bhaint amach, ní mór do chlubanna na leibhéil seo a chomhlíonadh: Bonn Cré-Umha (15+ sprioc), Bonn Airgid (25+ sprioc), agus Bonn Óir (35+ sprioc).
Cuireann Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar a laghad dhá bhabhta deontais ar fáil do chlubanna gach bliain, le suas le €500 ar fáil in aghaidh an bhabhta ar bhonn maoinithe meaitseála 2:1. Ciallaíonn sé seo, mar shampla, go bhféadfaí €500 a fháil ar thogra a chosnaíonn €750, le ranníocaíocht €250 ón gclub. Tá ceithre chatagóir deontais ann: Imeachtaí Teaghlaigh, Imeachtaí Sóisialta agus Deiseanna Labhairt na Gaeilge, Ranganna, agus Comharthaíocht (atá incháilithe sa chéad bhabhta amháin gach bliain). Cuirtear béim ar imeachtaí rialta agus ar dheiseanna leanúnacha chun an Ghaeilge a úsáid, agus ní thugtar maoiniú d’imeachtaí aon-uaire.
Cuirfidh Oifigigh Forbartha áitiúla clubanna ar an eolas nuair a osclaítear babhtaí, agus caithfear iarratas foirmiúil a chomhlánú chun cur isteach ar dheontas. Tá níos mó eolais ar fáil fríd an Leabhrán Eolais FSMD.
Beidh Oifigeach áitiúil de chuid Glór na nGael ceaptha do gach gclub chun tacú leo lena dturas le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Cuimsíonn comhairle agus tacaíocht cruinnithe fóraim de réir chontae nó cúige (go dtí ceithre huaire sa bhliain), comhdháil FSMD i bPáirc an Chrócaigh, agus seisiúin eolais ar líne faoi dheontais. Chomh maith leis sin, tá roinnt áiseanna ar fáil ag Glór na nGael le cuidiú le clubanna spriocanna a chomhlíonadh. Tá teagmháil rialta le foireann FSMD ar fáil freisin, chomh maith le deiseanna eile mar ghréasánaíocht, Blitzchomórtas Náisiúnta FSMD, Bronnadh Náisiúnta FSMD i bPáirc an Chrócaigh.