Is í aidhm an lámhleabhar foirne seo ná gach fostaí de chuid Ghlór na nGael a chur ar an eolas maidir leis na príomh-théarmaí agus coinníollacha fostaíochta san eagraíocht. Leagtar amach go cuimsitheach sa lámhleabhar foirne na polasaithe agus nósanna imeachta tábhachtacha a bhaineann le d’fhostaíocht. Is acmhainn úsáideach an lámhleabhar seo do gach fostaí nua agus ba chóir go ndéanfadh fostaithe tagairt dó ar bhonn leanúnach ó thaobh eolais i leith téarmaí agus choinníollacha fostaíochta.
Aithnítear nach féidir leis an lámhleabhar seo gach ceist a fhreagairt a thiocfadh chun cinn le linn na fostaíochta, mar sin iarrtar ar fhostaithe labhairt leis an gCeannasaí nó leis an mBainisteoir Acmhainní Daonna (BAD) i gcás nach féidir leo an t-eolas iomchuí a aimsiú sa lámhleabhar seo.
Déanfar an lámhleabhar foirne a leasú ó am go chéile de réir athraithe ar an reachtaíocht nó athraithe ar chleachtais Ghlór na nGael.
CAIBIDIL 1 – COMHDHEISEANNA
Polasaí Frithchiaptha & Frithchiaptha Ghnéasaigh
CAIBIDIL 2 – SAOIRE
Saoire Bhliantúil, Laethanta Saoire Poiblí & Pá Saoire
Saoire Bhreoiteachta & Feidhmiúlacht Chun Oibre
Laethanta Saoire Méala/Atruacha
Saoire Mháithreachais – Tuaisceart
Toircheas a Chur in Iúl – Tuaisceart
Achoimre ar Pholasaithe Saoire – Tuaisceart
Saoire do Thuismitheoirí Chomhroinnte – Tuaisceart
Beartais Eile Saoire – Tuaisceart
Saoire Mháithreachais – Deisceart
Toircheas a Chur in Iúl – Deisceart
Achoimre ar Pholasaithe Saoire – Deisceart
Saoire/Sochar Tuismitheora – Deisceart
Beartais Eile Saoire – Deisceart
CAIBIDIL 3 – NÓS IMEACHTA SMACHTA AGUS GEARÁIN
CAIBIDIL 4 – BAINISTIÚ NA HILCHINEÁLACHTA
Am Oibre, Sosanna agus Bristí Oibre
Sonraí an Fhostaí agus Comhaid an Fhostaí
Caitheamh Tobac ar an Láthair Oibre
CAIBIDIL 5 – TEICNEOLAÍOCHT FAISNÉISE, AN tIDIRLÍON AGUS RÍOMHPHOST
CAIBIDIL 6 – SLÁINTE agus SÁBHÁILTEACHT
Freagrachtaí Ginearálta an Fhostóra
CAIBIDIL 7 – SCEITHIREACHT AGUS FRITHCHALAOISE
CAIBIDIL 8 – COSAINT LEANAÍ
RÉIMSÍ BREISE
Taisteal agus Cothabháil ar Chúrsaí Gnó
Aisíoc ar Speansais Taistil Chomaitéara
Liúntas d’Fhreagrachtaí ar Ghrád Níos Airde