Tháinig ionadaithe ó 17 coiste pobail le chéile sa Radisson Blu in Áth Luain Dé Máirt 27 Feabhra le haghaidh Ceardlann Oiliúna agus Gréasánaíochta. Bíonn na ceardlanna seo á reáchtáil ag Glór na nGael cúpla uair sa bhliain le deis a thabhairt do na coistí pobail, Scéimeanna Forbartha Líonraí Gaeilge, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Oifigigh Pheanála Teanga teacht le chéile agus tacaíocht a fháil nó comhairle a roinnt lena chéile.
Thosaigh an lá amach le seisiún ceisteanna agus freagraí le Foras na Gaeilge faoin tacaíocht atá ar fáil do na coistí atá ar scéimeanna éagsúla. I ndiaidh sin bhí Fóraim oscailte ann a thug deis do gach duine aithne níos fearr a chur ar a chéile agus an obair a bhíonn ar bun acu a phlé. Faigheann na coistí deis ceisteanna a chur ar choistí cosúil leo in áiteanna eile sa tír maidir le haon deacracht atá acu nó bíonn siad in ann teacht ar smaointí úra do thionscadail, feachtais nó imeachtaí atá idir lámha acu. Chomh maith leis sin bhí deis ag na coistí foghlaim faoin Intleacht Shaorga san Ionad oibre agus an Dr Eoghan Mac Conaill Óig i láthair ag labhairt faoi na deiseanna atá ann leis an teicneolaíocht seo do na coistí.
Bhí ionadaithe ó na coistí seo a leanas i lathair: