Site logo

FSMD – Lá Idirnáisiúnta na mBan

Tá áthas ar Ghlór na nGael Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh trí aird a dhíriú ar na mná sna clubanna CLG a bhailigh boinn FSMD anuraidh. Tá éacht á dhéanamh ag mná na Fondúireachta i gcur chun cinn na Gaeilge gach bliain. Guímid Lá Idirnáisiúnta na mBan den scoth orthu agus ar na mná go léir.