Cuirfidh an beartas seo ar a gcumas é do thuismitheoirí ábhartha dul ar saoire ar feadh naoi seachtain as a chéile nó dul ar saoire seachtainí ar leith. Tagann sé seo sa bhreis ar an Sochar Máithreachais agus an tSaoire Atharthachta atá ar fáil faoi láthair.
Beartas
Maidir leis an tréimhse is féidir dul ar saoire:
síneofar í suas go dtí dara breithlá páiste
nó laistigh de dhá bhliain i ndiaidh socrúchán uchtaithe.
Cuirfear ar a gcumas don chomhalta foirne dul ar saoire ar feadh naoi seachtain as a chéile nó dul ar saoire seachtainí ar leith. Tagann sé seo sa bhreis ar an Sochar Máithreachais agus an tSaoire Atharthachta atá ar fáil faoi láthair.
Is íocaíocht é an Sochar Tuismitheora do dhaoine fostaithe agus féinfhostaithe:
atá ar shaoire do thuismitheoirí ón obair
a bhfuil dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh phá-choibhneasa (ÁSPC) íoctha acu
Is iad na haicmí ÁSPC a áirítear le haghaidh Sochar Tuismitheora A, B, C, D, E, H agus S. Tá sé ar fáil do pháiste ar bith a rugadh nó a uchtaíodh ar an 1 Samhain 2019 nó ina dhiaidh sin.
Is féidir Sochar Tuismitheora a íoc:
ar feadh naoi seachtain as a chéile nó naoi seachtain ar leith laistigh den chéad bhliain de shaol do pháiste; nó
laistigh de dhá bhliain i ndiaidh na breithe nó an tsocrúcháin uchtaithe
Critéir Incháilitheachta
Chun cáiliú don Sochar Tuismitheora, caithfidh dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh phá-choibhneasa (ÁSPC) a bheith íoctha agat. Má fuair tú Sochar Máithreachais, Sochar Uchtaíoch, nó Sochar Atharthachta do do pháiste, comhlíonfaidh tú go huathoibríoch na ceanglais ranníocaíochta ÁSPC le haghaidh an tSochair Tuismitheora.
Mar chomhalta foirne, caithfidh ceann díobh seo a bheith ag baint leat:
39 seachtain ar a laghad de ranníocaíochtaí ÁSPC a íocadh sa tréimhse 12 mhí roimh an gcéad lá de do Shochar Tuismitheora
39 seachtain ar a laghad de ranníocaíochtaí ÁSPC a íocadh ó thosaigh tú ag obair an chéad lá riamh agus 39 seachtain ar a laghad de ranníocaíochtaí ÁSPC a íocadh nó a cuireadh chun cánach sa bhliain chánach ábhartha nó sa bhliain chánach díreach i ndiaidh na bliana cánach ábhartha. Mar shampla, má bhíonn tú ag dul ar Shaoire do Thuismitheoirí in 2019, is é 2017 an bhliain chánach ábhartha agus is é 2018 an bhliain ina dhiaidh sin.
26 seachtain ar a laghad de ranníocaíochtaí ÁSPC a íocadh sa bhliain chánach ábhartha agus 26 seachtain ar a laghad de ranníocaíochtaí ÁSPC a íocadh sa bhliain chánach díreach roimh an mbliain chánach ábhartha. Mar shampla, má bhíonn tú ag dul ar Shaoire do Thuismitheoirí in 2019, is é 2017 an bhliain chánach ábhartha agus is é 2016 an bhliain roimhe sin.