Léiríonn an polasaí seo go bhfuil an eagraíocht tiomanta cead a thabhairt d’fhostaithe a ndualgas saoránach a chomhlíonadh freastal mar bhall de ghiúiré nuair a dhéanann cúirt iad a ghairm de réir fhorálacha iomchuí Acht na nGiúiréithe, 1974 (ó Thuaidh) agus 1976 (ó Dheas).
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith na bhfostaithe uile a gairtear le freastal ar an gcúirt i seirbhís giúiré.
Tá an eagraíocht tiomanta do shaoire le pá a sholáthar d’aon fhostaí a néilítear air/uirthi freastal ar an gcúirt i seirbhís giúiré. Cuirtear saoire giúiré ar fáil don fhostaí don tréimhse a bhfuil sé de cheangal air/uirthi freastal ar an gcúirt le go roghnófaí iad ina ngiúróir, agus do thréimhse an cháis lena suífidh siad i gcás go roghnaítear iad le suí ar an ngiúiré.
D’fhonn leas a bhaint as an tsaoire seo, ní mór d’fhostaí an toghairm le haghaidh seirbhís giúiré a thabhairt dá mBainisteoir líne a luaithe is a fhaigheann siad an fógra. Faomhfaidh a bhainisteoir líne an tsaoire. I gcásanna eisceachtúla d’fhéadfadh an eagraíocht iarraidh go ligfí an fostaí saor ó dhualgas seirbhíse giúiré, ach ní tharlóidh seo ach má éilíonn riachtanais ghnó é agus nach bhfuil sé indéanta cead a thabhairt don fhostaí leas a bhaint as an tsaoire. I gcás go gceadaítear saoire, de ghnáth éileofar ar an bhfostaí freastal ar an gcúirt gach lá le haghaidh roghnúcháin mar ghiúróir, de ghnáth ar feadh cúpla uair ar maidin gach lá. I gcás nach roghnaítear an fostaí mar ghiúróir, beidh air/uirthi filleadh ar an obair don chuid eile den lá. Cuirfidh an Cléireach Cúirte teastais freastail ar fáil gach lá ag dearbhú an fhreastail ar an gcúirt. Má ligtear an fostaí saor ó dhualgas, beidh air/uirthi, filleadh ar an obair an lá sin, más iomchuí. Cosnaítear cearta fostaíochta, lena náirítear luach saothair, le linn na saoire seo.