Is é cuspóir an pholasaí seo forléargas a thabhairt ar sheasamh Glór na nGael maidir le rúndacht.
Tá feidhm ag an bpolasaí i leith na bhfostaithe uile.
Ní mór d’Fhostaithe gach faisnéis a bhaineann leis an Eagraíocht agus lena lucht Úsáide Seirbhísí a choinneáil faoi rún daingean. Níor chóir d’Fhostaithe, le linn a gcuid fostaíochta nó ina dhiaidh, aon fhaisnéis a bhaineann leis an Eagraíocht nó lena Lucht Úsáide Seirbhísí, atá ar eolas acu mar gheall ar a gcuid fostaíochta, a nochtadh. Fanann gach cáipéis, lena n-áirítear comhaid, páipéir, litreacha agus comhfhreagras i seilbh na hEagraíochta.
Ní cheadaítear d’Fhostaithe cóipeanna a dhéanamh de cháipéis ar bith ach amháin agus iad i mbun a gcuid dualgas. Ní mór aon cháipéis a bhíonn i seilbh Fostaí ar scor dóibh a thabhairt ar ais don Eagraíocht. Ní mór duit do chuid ama, do chuid aire agus do chuid cumais uile le linn do chuid uaireanta oibre a chaitheamh ar do chuid dualgas i leith Ghlór na nGael.
Caithfear le haon sárú ar an bpolasaí seo mar mhí-iompar tromchúiseach agus d’fhéadfaí gníomhú smachta a bheith de thoradh air, suas go dtí dífhostú, agus dífhostú san áireamh. Ní mór duit aon leas seachtrach atá agat, a d’fhéadfadh a bheith ina choinbhleacht leasa nó a d’fhéadfaí a mheas a bheith ina choinbhleacht leasa a chur in iúl do Ghlór na nGael.