Site logo

4.6. PROMHADH

 

CUSPÓIR

An cuspóir atá leis an bpolasaí seo ná cur chuige Ghlór na nGael a leagan amach i ndáil le bainistiú a dhéanamh ar an bpróiseas promhaidh.

 

RAON

Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith na bhfostaithe uile le linn a dtréimhse promhaidh.

 

POLASAÍ

Tá sé ina pholasaí ag Glór na nGael úsáid a bhaint as an tréimhse phromhaidh ag tús na fostaíochta d’fhonn measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht an fhostaí nuacheaptha, agus cuidiú lena n-imeascadh ina ról san eagraíocht. Bainfear feidhm as an tréimhse lena chinntiú go bhfuil an duine nuacheaptha ag feidhmiú ina ról nua, agus go bhfuil siad ag socrú isteach san eagraíocht. Sonraítear tréimhse an phromhaidh i ráiteas ar leith an fhostaí i leith théarmaí agus choinníollacha na fostaíochta agus féadfar síneadh a chur leis faoi rogha na Bainistíochta.  

 

NÓS IMEACHTA

Le linn na tréimhse promhaidh ba chóir go mbeadh plé ann idir an mBainisteoir Acmhainní Daonna nó an Bainisteoir líne agus an fostaí maidir le feidhmíocht, le hiompar agus tinreamh an fhostaí agus aon cheist eile a mbeadh tionchar aici ar chumas an fhostaí nua socrú isteach san eagraíocht. Féadfar dul i ngleic le saincheisteanna freisin go foirmiúil trí chruinnithe athbhreithniúcháin promhaidh. I gcás go gcuireann fostaí tréimhse phromhaidh i gcrích go sásúil cuirfidh an mBainisteoir Acmhainní Daonna nó an Bainisteoir líne é sin in iúl don fhostaí. I gcás go bhfuil ceisteanna ann a théann i gcion ar chumas an fhostaí promhadh a chur i gcrích go sásúil féadfar síneadh a chur leis an bpromhadh faoi rogha na Bainistíochta. I gcás go bhfuil amhras tromchúiseach ann i leith oiriúnacht an fhostaí don eagraíocht nó dá ról, féadfar deireadh a chur leis an gcaidreamh fostaíochta ag deireadh na tréimhse promhaidh. I gcásanna áirithe féadfar gá a bheith leis deireadh a chur leis an bhfostaíocht le linn an phromhaidh, toisc cineál na gceisteanna a thagann chun cinn. Féadfar duine a dhífhostú le linn na tréimhse promhaidh gan dul trí dhéine iomlán an phróisis smachta.