Tá Glór na nGael tiomanta do na caighdeáin is airde maidir leis na dualgais atá air i leith Sceithe Eolais i measc na foirne agus san eagraíocht go ginearálta. Fáiltíonn Glór na nGael roimh oscailteacht agus macántacht. Tuigeann Glór na nGael gur ar mhaithe leis an eagraíocht, an fhoireann agus a gcuid oibre atá na socruithe seo in áit.
Cothaíonn an polasaí seo agus feidhmiú an pholasaí cultúr san eagraíocht a thugann le fios d’fhostaithe go bhfuil fáilte roimh eolas a roinnt maidir le hábhair imní. Faoin bpolasaí seo beidh sé soiléir d’fhostaithe a roinneann eolas faoin a gcuid imní nach mbeidh siad thíos leis ar aon bhealach dá thoradh.
Ní thógann an polasaí seo áit pholasaí nó cleachtais chasaoide na heagraíochta.
Tá an polasaí seo pléite le foireann na heagraíochta agus aontú na foirne faighte ina leith.
Beidh an polasaí seo mar chuid de Lámhleabhar Foirne Ghlór na nGael agus iarrfar ar gach fostaí cóip crua don Lámhleabhar sin a shíniú mar chruthúnas go bhfuil le léamh ann léite. Iarrfar ar bhaill foirne 2015, cóip den pholasaí féin a shíniú.
Muinín a thabhairt d’fhostaithe maidir le heolas a roinnt maidir le hiompraíocht neamhdhleathach nó míchleachtas dáiríre eile.
Córas a aontú d’fhostaithe chun go mbeidh ar a gcumas eolas a roinnt ar iompraíocht neamhdhleathach nó míchleachtas dáiríre eile agus aiseolas a chinntiú dóibh ina leith.
É a dhéanamh soiléir d’fhostaithe go bhfuil siad cosanta ó aon bheart díoltais sa chás go nochtann siad eolas faoi théarmaí an pholasaí seo.
Clúdaíonn an polasaí seo gníomhartha Ghlór na nGael in Éirinn agus thar lear.
Baineann an polasaí seo le nochtadh eolais maidir le “éagóracha ábhartha”
Tagann an héagóracha seo le Protected Disclosures Act 2014 (rannóg 5 forannóga 3(a) to (h)).
Seo achoimre dóibh;
Baineann an polasaí le heolas i leith coir, atá ag tarlúint nó atá chun tarlúint nó a tharla.
Baineann an polasaí seo le haon “oibrí” na heagraíochta, sonraítear an téarma oibrí san Achta mar baill foirne, oibrithe dheonacha, iarfhostaithe, intéirneachtaí, conraitheoirí, agus daoine faoi oiliúint.
Ní gá go mbeadh fostaithe iomlán cinnte faoin bhfáisnéisiú. Is leor “tuairim réasúnta” a bheith ag an oibrí agus gur tháinig an t-eolas chun solais an fhostaí mar chuid dá c(h)uid oibre.
Toisc gur leor “tuairim réasúnta” seachas fianaise dhaingean a bheith ag duine maidir le mhíchleachtais iarrtar ar fhostaí míniú chomh hiomlán agus is féidir a thabhairt maidir leis an mbuairt agus an cas as a d ‘éirigh sé.
Is féidir scéal agus ábhar an mhíchleachtais a roinnt le do bhainisteoir líne ó bhéal nó i scríbhinn.
Má tá tú den tuairim nach bhfuil céim 1 oiriúnach, ar chúis ar bith, nó nár bhfuair cluas eisteachta, is féidir an t-ábhar a roinnt leis an mBainisteoir Acmhainní Daonna a bheidh ina B(h)ainisteoir Fáisnéisiú Cosanta.
Má tá tú den tuairim nach bhfuil céim 1 nó céim 2 oiriúnach, ar chúis ar bith, nó nár bhfuair tú cluas éisteachta, is féidir an t-ábhar a roinnt leis an gCeannasaí agus/nó an Cathaoirleach.
Cinnteofar rúndacht maidir le hábhar an bhuairt agus maidir leis an té a roinn an eolais, mas é sin toil an té atá ag roinnt an eolais agus mas cuí.
Ó am go chéile, beidh cásanna ann, áfach, go mbeidh ainm an té a rinne an gearáin poiblí más cuí don iniúchadh. Sa chas seo, leanfar na prionsabail a bhaineann le ceartas aiceanta.
Moltar do fhostaithe a n-ainmneacha a chur le haon ghearáin. Ach sa chás go nochtar buairteanna gan ainm leo, tógfar na buairteanna seo dáiríre.
Is ar Ghlór na nGael Teo atá an fhreagracht iomlán i leith bainistiú an pholasaí seo.
Tá Glór na nGael tar éis an Bainisteoir Acmhainní Daonna a ainmniú mar an Bainisteoir Fáisnéisiú Cosanta leis an bpolasaí seo a fheidhmiú ó lá go lá.
Tá teacht ar an mBainisteoir Fáisnéisiú Cosanta, Seán Ó hAdhmaill, ar na bealaí seo a leanas;
R-phost: sean@glornangael.ie
Fón: +353 87 4437523
Seoladh: Glór na nGael, Ráth Chairn, Átha Buí Co na Mí.
A luaithe is a thagann scéal chun solais, déanfaidh an Bainisteoir Fáisnéisiú Cosanta cinneadh
faoin mbealach chun tosaigh. Roghnófar ceann de na bealaí seo a leanas;
Taobh istigh de 10 lá ó dháta an ghearáin, gheobhaidh an oibrí, ón mBainisteoir Fáisnéisiú;
iii. cuir síos ar an mbealach chun cinn
Cinnteoidh Glór na nGael go bhfaighidh an oibrí an oiread aischothú agus is féidir. Ach, ag braith ar an gcineál cáis agus ar dhualgais rúndachta i leith duine éigin eile, samhlaítear cásanna nach mbeidh ar chumas Ghlór na nGael aiseolas a roinnt maidir leis an gcineál gnímh atá á thógáil. Cuirfear gach cúnamh, gur féidir, ar fáil don fhostaí le linn na tréimhse fiosrúcháin a chinnteoidh nach bhfuil sé/sí faoi bhrú nó thíos leis ar aon bhealach de bharr an ghearáin.
Sa chás go bhfuil coimhlint leasa ag an té a roinnt an bhuairt, iarrtar ar an duine é sin a chur in iúl ag tús an phróisis.
Coinneoidh an Bainisteoir Fáisnéisiú Cosanta taifead d’aon nótaí nó tuairiscí a chuirfear ar fáil le linn tréimhse an fhiosrúcháin agus cinnteofar go mbeidh siad coinnithe in áit sábháilte.
Tuairisceoidh an Bainisteoir Fáisnéisiú Cosanta do Bhord Stiúrtha Ghlór na nGael maidir le gearáin agus na gníomhartha a tógadh ina leith, fiú sna cásanna sin nach bhfuil gníomh le tógail.