Tá an polasaí seo ann chun cuidiú leis an eagraíocht timpeallacht oibre a sholáthar atá saor ó chiapadh agus ó chiapadh gnéasach. Tá an nós imeachta gearáin ann lena chinntiú gur féidir le haon fhostaí a bhraitheann go raibh sé/sí faoi réir iompar míchuí, arna shainiú sa pholasaí seo, an cás a chur in iúl agus réiteach a lorg air ar bhealach iomchuí. Tacaíonn an nós imeachta smachta leis an nós imeachta seo, agus is féidir úsáid a bhaint as i gcás go bhfaightear fostaí ciontach i rannpháirtíocht in iompar ar ciapadh agus/nó ciapadh gnéasach é. Tá sé mar aidhm ag an bpolasaí seo a chinntiú go gcloítear leis na hailt iomchuí de na hAchtanna um Chomhionannas fostaíochta, 1998 agus 2004 ó dheas agus An tOrdú um fhostaíocht agus um Dhéileáil Chothrom (Tuaisceart Éireann) 1998, a fhorálann go bhfuil an ceart ag gach duine obair i dtimpeallacht atá saor ó chiapadh agus ó chiapadh gnéasach. Chomh maith leis sin, comhlíonann an polasaí seo na ceanglais arna leagan amach sa Chód Cleachtais ar Chiapadh agus ar Chiapadh Gnéasach ar an láthair oibre.
Tá an polasaí seo ann chun fostaithe a chosaint ar aon ghníomh ciaptha agus/nó aon ghníomh a bheadh ina chiapadh gnéasach a dhéanfadh duine eile i gcoinne an fhostaí, bíodh an duine sin ina f(h)óstaí eile, ina bhall den lucht bainistíochta, nó aon duine eile a bheadh i dteagmháil leis an bhfostaí le linn na fostaíochta ar duine é/í a bhfuil caidreamh gnó ag an eagraíocht leis/léi, m.sh. Comhaltaí Boird, soláthraí seirbhíse, srl. Tá feidhm ag an bpolasaí seo i gcás go dtarlaíonn an t-iompar do-ghlactha ar an láthair oibre, nó in aon áit eile a bhfreastalaíonn an fostaí uirthi le linn na fostaíochta m.sh. comhdháil / seimineár nó imeacht oiliúna lasmuigh den láthair oibre.
Tá Glór na nGael tiomanta do thimpeallacht oibre saor ó chiapadh agus ó chiapadh gnéasach a chur ar fáil. Tá gach fostaí cosanta ag an bpolasaí seo agus iarrtar orthu aon chúis imní atá acu a chur in iúl i ndáil le ciapadh nó ciapadh gnéasach trí mheán an nóis imeachta gearáin a bhfuil cur síos air sa pholasaí seo. Má bhíonn tú i bhfianaise ar iompar ciapthach, is gá duit an duine atá thíos leis an iompar sin a chur ar an eolas faoin bpolasaí seo agus impí orthu an scéal a chur in iúl trí mheán na nósanna imeachta gearáin. Is gá freisin go gcuirfidh tú an scéal in iúl don Bhainisteoir Acmhainní Daonna nó le do bhainisteoir líne.
Sainmhíniú – Is éard is ciapadh ná aon ghníomh nó aon iompar, a bhfuil mar chuspóir nó mar éifeacht aige go sáraítear dínit an duine agus go gcruthaítear timpeallacht imeaglaitheach, naimhdeach, tháirchéimneach, uiríslitheach nó ionsaitheach do dhuine ar aon cheann de na forais chosanta seo a leanas: inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, creideamh, aois, míchumas, cine, tuairim polaitiúil, athrú inscne nó ballraíocht den Lucht Siúil.
I measc na nithe a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an iompar gan iarraidh tá, gníomhartha, iarratais, focail labhartha, geáitsí nó táirgeadh, taispeántas nó scaipeadh ar fhocail scríofa, ar phictiúir nó ar ábhar eile.
Seo a leanas liosta ina bhfuil samplaí d’iompar ciapthach. Níl sa liosta seo ach ábhar léiriúcháin amháin, áfach, agus ní liosta uileghabhálach é. Déanfar gach cás a mheas ar a fhiúntas féin:
Sainmhíniú – Is éard is ciapadh gnéasach ná cineál iompair ó bhéal, neamhbhriathartha nó fisiceach de chineál gnéasach, a bhfuil mar chuspóir nó mar éifeacht aige go sáraítear dínit an duine agus go gcruthaítear timpeallacht imeaglaitheach, naimhdeach, tháirchéimneach, uiríslitheach nó ionsaitheach don duine.
I measc na nithe a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an iompar gan iarraidh tá, gníomhartha, iarratais, focail labhartha, geáitsí nó táirgeadh, taispeántas nó scaipeadh ar fhocail scríofa, ar phictiúir nó ar ábhar eile.
Seo a leanas liosta ina bhfuil samplaí de chiapadh gnéasach. Níl sa liosta seo ach ábhar léiriúcháin amháin, áfach, agus ní liosta uileghabhálach é. Déanfar gach cás a mheas ar a fhiúntas féin:
Ceann de na gnéithe a chaithfidh a bheith ag baint leis an gcineál iompair a bheadh ina chiapadh gnéasach ná nach bhfuil sé ag teastáil ón bhfaighteoir. Idirdhealaíonn sé é ó iompar a bhfuil fáilte roimhe agus a chomhalartaítear.
Ní ghlacfar le ciapadh gnéasach bíodh sé á dhéanamh ag daoine níos sinsearaí, ag piaraí, nó ag daoine níos sóisearaí, ag daoine nach fostaithe iad nó ag daoine den ghnéas céanna.
Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh gach fostaí go bhfuil sé de dhualgas ar an eagraíocht gach gearán maidir le ciapadh gnéasach a iniúchadh, cibé acu an raibh sé de rún ag an gciapathóir dul i mbun an iompair sin nó nach raibh.
Tá idir nósanna imeachta foirmiúla agus neamhfhoirmiúla ann chun déileáil le cásanna de chiapadh agus/nó de chiapadh gnéasach ar an láthair oibre. Cé gur fearr leis an eagraíocht dá bhféadfá dul i ngleic leis an gcás ag baint úsáide as an nós imeachta neamhfhoirmiúil ar dtús, tuigtear nach mbeadh seo i gcónaí oiriúnach, agus mar sin níl aon riachtanas ann an nós imeachta neamhfhoirmiúil a thriail ar dtús sula dtéitear tríd an nós imeachta foirmiúil.
Go minic is fearr, ar mhaithe le gach duine i gceist, déileáil go neamhfhoirmiúil le gearáin faoin bpolasaí seo agus réiteach a fháil orthu idir na páirtithe, nuair is féidir. De ghnáth faightear réiteach gasta éifeachtach ar an scéal ar an mbealach seo agus laghdaíonn sé an méid náire agus an baol atá ann rúndacht a shárú, agus cosnaíonn sé an caidreamh oibre freisin.
An aidhm atá leis an gcur chuige neamhfhoirmiúil ná deireadh a chur le ciapadh nó ciapadh gnéasach leis an íosmhéid aighnis agus brú do na daoine go léir atá i gceist.
I roinnt mhaith cásanna bíonn an fostaí i mbun an iompair ionsaithigh gan fhios dó/di féin go bhfuil a g(h)níomhartha míchuí, nó d’fhéadfadh gur baineadh míthuiscint as a f(h)ocail nó a g(h)níomhartha. I gcásanna dá leithéid ba chóir gach iarracht a dhéanamh an mhíthuiscint a réiteach go gasta, ar bhonn neamhfhoirmiúil.
Is é atá i gceist leis an nós imeachta neamhfhoirmiúil ná cur chuige neamhachrannach á ghlacadh ag an duine atá thíos leis an iompar i leith an duine atá i mbun an iompair ag cur in iúl dó/di go bhfuil tionchar ag a n-iompar orthu agus iarraidh orthu deireadh a chur leis an iompar sin.
Ba chóir dul ina bhun seo go príobháideach, agus ba chóir dó a bheith neamhachrannach. Ba chóir comhairle a lorg ón mBainisteoir Acmhainní Daonna nó ó do bhainisteoir líne i ndáil leis an nós imeachta seo.
Tuigtear nach mbeidh sé i gcónaí indéanta úsáid a bhaint as an nós imeachta neamhfhoirmiúil chun réiteach a fháil ar an scéal. Uaireanta ní bheidh an fostaí compordach dul chun cainte leis an bpáirtí eile, nó seans go mbeadh an fostaí den tuairim go bhfuil an scéal ró-thromchúiseach aghaidh a thabhairt air ag baint úsáide as an nós imeachta neamhfhoirmiúil. Sna cásanna sin, nó más rud é gur theip ar an nós imeachta neamhfhoirmiúil réiteach a fháil ar an scéal, ba chóir iarracht a bhaint as an nós imeachta foirmiúil arna leagan amach sa pholasaí seo.
Chun gearán foirmiúil a dhéanamh, d’fhéadfaí tús a chur le cúrsaí ach dul chun cainte leis an mBainisteoir Acmhainní Daonna nó an Bainisteoir líne i ndáil leis an gceist. Cé go ndéantar an chéad ghearán ó bhéal de ghnáth, tá sé de cheangal ar an bhfostaí an gearán a thaisceadh i scríbhinn lena chinntiú go mbeidh iniúchadh cóir cothrom ann. Má tá cúnamh ag teastáil ón bhfostaí an gearán a chur i scríbhinn ba chóir dó/di dul i gcomhairle leis an mBainisteoir Acmhainní Daonna nó an Bainisteoir líne chun é seo a shocrú.
Ba chóir don ghearán an méid seo a leanas a shonrú:
(i) Ainm dhéantóir líomhnaithe na coire;
(ii) Cineál an chiaptha líomhnaithe i. an t-iompar ar iompar é atá ina chiapadh/chiapadh gnéasach;
(iii) Dátaí/amanna agus áiteanna inar tharla an ciapadh/ciapadh gnéasach líomhnaithe;
(iv) Ainmneacha finnéithe ar aon tarlú líomhnaithe;
(v) Sonraí maidir le haon ghníomh a rinneadh cheana féin d’fhonn deireadh a chur leis an gciapadh/gciapadh gnéasach;
(vi) Toiliú d’ainm agus na fíricí líomhnaithe atá á dtabhairt a chur in iúl do dhéantóir líomhnaithe na coire. Tá sé de cheangal é seo a dhéanamh ionas gur féidir leis an eagraíocht an scéal a iniúchadh agus gníomhú in imthosca iomchuí.
Nuair a fhaightear gearán cuirfear déantóir(í) líomhnaithe na coire in iúl i scríbhinn go ndearnadh gearán ina c(h)oinne, agus cuirfear cóip den ghearán ar fáil dó/di. Cuirfidh an té atá ag iniúchadh an ghearáin in iúl an t-amscála le réiteach a fháil ar an ngearán, ach d’fhéadfaí síneadh a chur leis an amscála seo, áfach, nuair is gá. Déanfar ráitis ón ngearánach, ó dhéantóir líomhnaithe na coire agus ó aon fhinné a thaifeadadh i scríbhinn. Tabharfar seans cóir cothrom dó/di freagairt don líomhain/do na líomhaintí, de ghnáth laistigh de thréimhse cúig lá oibre.
Beidh an gearán agus an freagra faoi réir iniúchadh tosaigh a chuirfidh an Bainisteoir Acmhainní Daonna nó ball eamhchlaonta den lucht bainistíochta nó duine iomchuí eile i gcrích, ag féachaint leis an ngníomhaíocht iomchuí a chinneadh. Samplaí de ghníomhaíochtaí iomchuí ag an staid seo ná réiteach a fháil ar an scéal trí mheán eadrána nó breithniú a dhéanamh ar réiteach a fháil ar an scéal ag baint úsáide as an Nós Imeachta Neamhfhoirmiúil, ar an gcoinníoll go gceadaíonn an dá pháirtí é seo. I gcás go measfaí go mbeadh ceachtar den dá chur chuige seo míchuí nó éiginntitheach, tabharfar faoi iniúchadh foirmiúil ar an ngearán ag féachaint le fíorais an cháis a chinneadh.
I ngach cás ní bheidh aon tátal ciontachta ann i gcoinne dhéantóir líomhnaithe na coire, agus tabharfar deis chóir chothrom dó/di freagairt don líomhain.
Caithfidh gach fostaí atá páirteach san iniúchadh rúndacht a urramú; i gcás go dteipeann orthu déanamh amhlaidh d’fhéadfaidís caingean smachta tromchúiseach a tharraingt orthu féin. Dearbhaítear rúndacht sa mhéid go bhfuil sé indéanta go réasúnta. Féadfar an dá pháirtí a chur ar fionraí gan phá, gan aon tát diúltach, ar feitheamh thoradh an iniúchta i gcás go measfadh an lucht Bainistíochta go bhfuil sé sin iomchuí. I gcás nach bhfuil sé seo indéanta, áfach, beifear ag súil go gcoinneoidh na páirtithe sa ghearán caidreamh dearfach oibre.
Déanfaidh an Bainisteoir Acmhainní Daonna, ball neamhspleách den lucht bainistíochta nó, má mheastar é a bheith iomchuí, tríú páirtí a aontófar, an t-iniúchadh a reáchtáil. Is féidir níos mó ná duine amháin a cheapadh mar iniúchóirí i gcásanna áirithe, de réir mar is iomchuí. Déanfar an t-iniúchadh go críochnúil, go hoibiachtúil agus go híogair. Cosnófar lánrúndacht sa mhéid go bhfuil sé indéanta go réasúnta. Urramófar cearta an ghearánaigh, dhéantóir(í) líomhnaithe na coire agus aon fhinné a bhí páirteach sa phróiseas.
Casfaidh an duine / na daoine atá ceaptha mar iniúchóir(í) leis an ngearánach ar dtús báire d’fhonn tuilleadh eolais a fháil maidir leis an ngearán agus d’fhonn freagraí dhéantóir líomhnaithe na coire a chur faoi bhráid an ghearánaigh. Ina dhiaidh sin, tabharfar cuireadh do dhéantóir líomhnaithe na coire freastal ar chruinniú d’fhonn a f(h)reagraí don ghearánach a chíoradh agus aon fhianaise iomchuí a chur faoina b(h)raid. Cuirfear an fhianaise ar fáil roimh an gcruinniú ionas go mbeidh an deis ag an bhfostaí a f(h)reagra ar an bhfianaise a ullmhú.
Rachfar i mbun an méid cruinnithe a bhfuil gá leo go dtí go bhfuil an t-iniúchóir/ na hiniúchóirí sásta go raibh deis chóir chothrom ag gach páirtí a gcás a chur i láthair. Féadfar agallamh a chur ar fhinnéithe chomh maith ag féachaint leis na fíorais a bhaineann leis na líomhaintí a bhunú.
Tá gach páirtí a bhfuil sé de dhualgas orthu freastal ar chruinnithe an iniúchta i dteideal ionadaí a bheith leo, agus an ról a bheadh ag an ionadaí sin ná tacaíocht mhorálta a sholáthar, maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas agus a chinntiú go dtugtar deis chóir chothrom don fhostaí freagra a thabhairt agus fianaise a sholáthar ag aon cheann de chruinnithe an iniúchta.
Déanfar gach iarracht an t-iniúchadh a chur i gcrích chomh gasta agus is féidir laistigh den fhráma ama a aontaíodh. Ar chur i gcrích an iniúchta, cuirfidh an t-iniúchóir / na hiniúchóirí tuarascáil scríofa faoi bhráid bhall den lucht Bainistíochta, ina mbeidh torthaí an iniúchta. Tabharfar an deis don dá pháirtí a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na torthaí sula gcinnfidh an lucht Bainistíochta ar aon ghníomh.
Cuirfear torthaí an iniúchta in iúl i scríbhinn don ghearánach agus do dhéantóir líomhnaithe na coire, .i. ar seasadh leis an ngearán nó nár seasadh, nó cibé acu ar measadh an gearán a bheith mailíseach nó cráiteach nó nár measadh.
I gcás go seastar le gearán cuirfear an toradh seo in iúl don dá pháirtí, agus cuirfear an leibhéal iomchuí den lucht Bainistíochta ar an eolas maidir leis. Gníomhóidh an Bainisteoir Acmhainní Daonna agus baill eile oiriúnacha den lucht bainistíochta go hiomchuí bunaithe ar thoradh an iniúchta. I measc na gcaingean a d’fhéadfadh an lucht Bainistíochta a chur i bhfeidhm tá caingean smachta foirmiúil ag teacht le nósanna imeachta smachta na heagraíochta, nó idirghabháil iomchuí eile a meastar í a bheith riachtanach d’fhonn atarlú iompair dá leithéid a chosc.
Déanfaidh an eagraíocht breithniú ar cibé acu an mbeadh sé oiriúnach maoirseacht bhreise a sholáthar, obair a athshannadh nó a atheagrú nó nach mbeadh. Sula gcuirfear aon chaingean smachta i bhfeidhm reáchtálfar éisteacht iomlán smachta de réir nós imeachta na heagraíochta. Tá sé tábhachtach go mbeadh fostaithe ar an eolas go measann an eagraíocht gníomhartha áirithe de chiapadh nó de chiapadh gnéasach a bheith ina mí-iompar tromchúiseach agus go bhféadfaí iad a dhífhostú go hachomair dá bharr.
I gcás go bhfuil iniúchadh neamhchonclúideach agus nach seastar leis an ngearán, ní bheidh aon tátal diúltach ann i gcoinne aon pháirtí sa ghearán. Beifear ag súil go leanfaidh gach páirtí ag obair mar is gnách agus go n-iompróidh siad iad féin ar bhealach iomchuí ag an obair.
I gcás go bhfaightear go raibh an gearán ina ghearán mailíseach nó cráiteach, reáchtálfar éisteacht smachta leis an ngearánach chun an scéal a scrúdú tuilleadh. Ní féidir smachtbhanna a ghearradh ar an ngearánach ach sa chás seo. Is cion tromchúiseach é gearán mailíseach nó cráiteach a thaisceadh, agus ag brath ar thromchúis an scéil, féadfaidh an eagraíocht a mheas go bhfuil sé ina mhí-iompar tromchúiseach agus d’fhéadfaí duine a dhífhostú go hachomair dá bharr.
I ngach cás, cibé acu má sheastar leis an ngéarán nó nach seastar, déanfar monatóireacht ar an láthair oibre lena chinntiú go n-iompraíonn na páirtithe iad féin ar bhealach iomchuí agus nach dtéann siad i mbun iompar míchuí. Rachaidh an eagraíocht i mbun pé gníomhartha is gá ionas nach mbeidh an baol ann go dtarlóidh a leithéid d’iompar arís agus coimeádfaidh an eagraíocht taifid d’idirghabhálacha chun na críche seo.
Féadfaidh ceachtar páirtí an cinneadh a achomharc, ag cur síos i scríbhinn don Bhainisteoir Acmhainní Daonna nó an Bainisteoir líne ar an gcúis atá leis an achomharc. Éistfidh bainisteoir / duine neamhspleách nach raibh páirteach san iniúchadh roimhe sin leis na hachomhairc sin agus lorgófar comhairle agus tacaíocht neamhspleách chomh maith más gá.
Ní chaithfear le haon duine a ghlacann páirt sna nósanna imeachta a bhfuil cur síos orthu anseo go neamhfhabhrach de bharr a róil sa phróiseas, ach amháin i gcás go bhfaightear iad ciontach i gcion faoin bpolasaí.
Ba chóir na nósanna imeachta a bhfuil cur síos orthu sa pholasaí seo a úsáid chun déileáil le ciapadh nó ciapadh gnéasach a dhéanann tríú páirtí. Áirítear ar na smachtbhannaí ar féidir iad a ghearradh ar thríú páirtí: iad a eisiamh ón áitreabh, conradh a fhoirceannadh, nó bearta eile chun cosc a chur le hatarlú an iompair mhíchuí.
Déanfaidh an lucht Bainistíochta a ndícheall a chinntiú go gcuirtear an polasaí seo i bhfios do gach fostaí agus cinnteoidh siad go ndéanfar an polasaí a chothú agus a nuashonrú de réir na n-athruithe reachtúla agus de réir aon leasuithe a dhéantar ar an gCód Cleachtais iomchuí.
Tá freagracht ar leith ar an lucht Bainistíochta ciapadh ar an láthair oibre a chosc agus bítear ag súil go dtabharfaidh an lucht Bainistíochta dea-shampla ina leith seo, fheasacht a chothú i leith an pholasaí seo, a bheith airdeallach le haghaidh comharthaí go bhfuil ciapadh ag titim amach, dul i ngleic le fadhbanna sula n-éiríonn siad níos measa, déileáil go híogair le fostaithe atá páirteach i ngearán a bhaineann le ciapadh agus monatóireacht a dhéanamh ar chúrsaí ar an láthair oibre ionas nach dtarlóidh ciapadh nó nach n-atarlaíonn ciapadh.
Beifear ag súil go gcloífidh fostaithe leis an bpolasaí seo agus go gcuirfidh siad in iúl a gcúiseanna imní trí mheán na nósanna imeachta a bhfuil cur síos orthu sa pholasaí.