7.2. POLASAÍ FRITHCHALAOISE
RÉAMHRÁ
Glacann Glór na nGael leis an dualgas agus an fhreagracht atá air maidir le caitheamh aon airgead poiblí a bhronntar air i bhfoirm deontais, nó eile , trí an luach is fearr ar airgid a chinntiú ar son an cháiníocóra agus ar son na Gaeilge.
Chuige seo, tá sé mar mar phríomh sprioc córas feidhmiúcháin, córais éifeachtach foirne agus bainistíochta foirne a cheapadh agus a fhorbairt. Cinnteofar go mbeidh na córais agus na próisis acmhainní daonna agus rialachais corparáideach is fearr i bhfeidhm leis an luach is fearr airgid a ghnóthú.
Éilíonn Bord Stiúrtha Ghlór na nGael, óna chuid fostaithe go bhfeidhmeoidh siad go macánta agus go hionraic i gcónaí. Meabhraítear doibh go bhfuiltear ag baint úsáid as acmhainní poiblí don chuid is mó agus go bhfuil sé riachtanach go ndéanfar na hacmhainní sin a úsáid go cúramach agus go stuama. Ar bhonn pearsanta, ní glacfaidh baill foirne le bronntanais, aíocht, nó sochair chomhchineáil ó thríú páirtí, riamh.
Meabhráitear don fhoireann go mbíonn baol caolaoise ann i gcónaí i leith na hacmhainní seo agus is chóir a bheith airdeallach ar seo i gcónaí.
AIDHM AN PHOLASAÍ
Is iad aidhmeanna an pholasaí seo ná:
- tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do chultúr na macántachta agus na gairmiúlachta Ghlór na nGael trí eocharphrionsabail i leith na calaoise a sheachaint agus a aithint.
- treoir agus eolas a sholáthar do bhaill foirne na heagraíochta ar conas tabhairt faoi amhrais ghníomhaíochtaí calaoise féideartha.
CAD IS CALAOIS ANN?
Áirítear na gníomhaíochtaí seo a leanas mar chalaois;
Amhail: breabaireacht, brionnú, ceilt fíoras, claonchasadh, claonpháirtíocht, cluain, comhcheilg ábhartha, gadaíocht, mídhilsiú, sracadh agus uiríoll bhréagach.
Tuigtear calaois mar mí-ionrachais ar mhaithe le buntáiste.
FREAGRACHTAÍ MAR FHEIDHMEANNAS AGUS MAR BHAILL AONAIR FOIRNE
1. Freagrachtaí an Fheidhmeannais
- i) rialuithe éifeachtacha a fhorbairt agus a choimeád maidir le calaois a chosc;
- ii) dianfhiosruithe a dhéanamh ar an toirt i gcás calaoise;
iii) caingean dlí agus/nó gníomh smachtaithe a dhéanamh in aghaidh lucht déanta calaoise;
- iv) gníomh smachtaithe a dhéanamh in aghaidh maoirseoirí sa chás go bhfuil baint idir mainneachtana maoirseoireachta agus gníomhú calaoiseach;
- v) na rioscaí a aithint maidir le córais agus modhanna imeachta atá faoi lé calaoise;
- vi) a chinntiú go bhfuil na rialuithe á gcomhlíonadh.
- Freagrachtaí baill aonair foirne;
- i) feidhmiú go hionrach agus go macánta maidir le húsáid acmhainní na heagraíochta.
- ii) feidhmiú go hionrach agus go macánta maidir le láimhseáil agus úsáid cistí agus aiseanna poiblí agus eile.
- ii) má tá amhras ar fhostaí go bhfuil calaois déanta nó ar tí a bheith déanta, is chóir sin a thuairisciú láithreach don bhainsteoir líne nó don Cheannasaí nó don Chathaoirleach de réir mar is cuí.
Is ceart tuairisciú don Bhainisteoir líne, nó sa chás go bhfuil baint aici/aige leis an chás don Cheannasaí nó má tá baint ag an gCeannasaí leis an chás don Chathaoirleach nó do Chathaoirleach an Choiste Iniúchta.
Tá an t-eolas maidir leis an bpróiseas chuige seo le léamh i bPolasaí Sceithireachta na heagraíochta.
Uasdátaithe: 22.04.2026.
Le hathbhreithniú: Mí Aibreáin 2027