Site logo

3.2. NÓS IMEACHTA GEARÁIN

CUSPÓIR

An cuspóir atá leis an bpolasaí agus leis an nós imeachta seo ná a chinntiú go bhfuil nós imeachta cóir ceart gearáin ag Glór na nGael a bhfuil aird chuí aige ar chearta na bhFostaithe arna leagan amach sa Chód Cleachtais ar Nósanna Imeachta Smachta agus Gearáin. Féadfar an polasaí a chur i bhfeidhm d’fhonn cuidiú agus tacú le Fostaithe aon chúis imní a chur in iúl ionas gur féidir leis an eagraíocht gníomhú go hiomchuí d’fhonn réiteach a fháil ar na cúiseanna imní sin.

 

RAON

Baineann an polasaí seo le cúiseanna gearáin aonair a bheadh ag Fostaithe. Níl an Polasaí oiriúnach le déileáil le ciapadh, le ciapadh gnéasach ná le bulaíocht, agus ba chóir dul i ngleic leo sin tríd na nósanna imeachta iomchuí arna leagan amach ag an eagraíocht. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó do Bhainisteoir líne nó más cuí an Bainisteoir Acmhainní Daonna.

 

POLASAÍ

Tuigtear gur féidir le cúiseanna gearáin a theacht chun cinn ó am go chéile i ngach cineál fostaíochta. Is éard is gearán ann ná léiriú foirmiúil míshástachta le caidrimh ar an láthair oibre, leis an timpeallacht oibre nó le téarma nó coinníoll fostaíochta. Tá sé ina pholasaí ag an eagraíocht seo a thuiscint gur féidir lena leithéid tarlú, agus mar sin tá an polasaí seo ann chun cuidiú le Fostaithe réiteach a fháil ar a leithéidí de chásanna. Tuigtear gur féidir le cúiseanna gearáin dá leithéid, nach gcuirtear in iúl agus nach dtéitear i ngleic leo, géarú agus a bheith ina gcur isteach tromchúiseach ar an láthair oibre. Mar sin, iarrtar ar gach fostaí a gcúiseanna gearáin a chur in iúl tríd an nós imeachta arna leagan amach anseo. Tá an lucht Bainistíochta freagrach as éisteacht le cúiseanna imní a chuireann na Fostaithe uile in iúl agus freagairt do na gearáin sin, tríd an nós imeachta seo.

 

Féadfaidh Fostaithe úsáid a bhaint as an nós imeachta aon uair is gá. Ní chaithfear le fostaí le níos lú fabhar toisc iad a bheith tar éis gearán a dhéanamh. Le linn na gcéimeanna foirmiúla den nós imeachta, tá sé de cheart ag Fostaithe ionadaí a bheith in éineacht leo ag cruinniú. An ról atá ag ionadaí an fhostaí ná a chinntiú go dtugtar deis chóir chothrom don fhostaí a gcúis imní a chur in iúl agus go ndéantar breithniú cóir cothrom air ansin.

 

NÓS IMEACHTA

Plé Neamhfhoirmiúil

Iarrtar ar fhostaithe dul chuig an Bainisteoir líne ar dtús chun na saincheisteanna a phlé agus iarracht teacht ar réiteach go neamhfhoirmiúil. I gcás nach bhfuil an fostaí compordach ag dul chuig an Bainisteoir líne i leith na ceiste áirithe seo, ba chóir dó/di dul chuig an Bainisteoir Acmhainní Daonna chun an scéal a phlé.

 

Ag an staid seo déanfaidh an Bainisteoir line / Bainisteoir Acmhainní Daonna an gearán a bhreithniú go cúramach agus freagróidh sé/sí don fhostaí laistigh d’amscála réasúnta a aontaíodh. Mura bhfuil an fostaí sásta leis an bhfreagra a cuireadh ar fáil, is féidir an cheist a tharraingt anuas tríd an nós imeachta foirmiúil gearáin.

 

Céim 1 – Nós Imeachta Foirmiúil

I gcás go dteipeann ar an nós imeachta foirmiúil an scéal a réiteach chun shástacht an fhostaí, nó i gcás go meastar é a bheith míchuí, iarrtar ar an bhfostaí a ngearán a tharraingt anuas go foirmiúil. 

(i)                 D’fhonn gearán foirmiúil a tharraingt anuas is gá an gearán a chur i scríbhinn, nó bualadh leis an mBainisteoir líne nó leis an mBainisteoir Acmhainní Daonna chun an gearán a chur i scríbhinn. Féadfar an gearán i scríbhinn a chur faoi bhráid an Bhainisteoir líne nó an Bainisteoir Acmhainní Daonna, nó i gcás go meastar é bheith míchuí, faoi bhráid an Ceannasaí.

 

(ii)               Socrófar éisteacht ghearáin laistigh den amscála aontaithe, agus tá an fostaí i dteideal ionadaí a thabhairt leis/léi chuig an gcruinniú sin. Cuirfear réamhfhógra maidir leis an gcruinniú sin ar fáil i scríbhinn.

 

(iii)             Tabharfar cuireadh don fhostaí tuilleadh eolais a sholáthar i scríbhinn ag an gcruinniú seo maidir leis na ngearán.

 

(iv)             Cuirfear an cruinniú ar atráth chun go mbeidh an deis ag an lucht Bainistíochta an cheist a scrúdú níos grinne agus aon réiteach a ainmniú más iomchuí.

 

(v)               Cuirfear cinneadh pras ar fáil don fhostaí, i scríbhinn, laistigh d’amscála réasúnta a aontófar.

 

(vi)             Coinneofar taifead den chruinniú agus tabharfar cóip de dóibh siúd a bhí i láthair.

 

Céim 2 – Nós Imeachta Foirmiúil

I gcás go bhfuil fostaí míshásta leis an bhfreagra a tugadh ag céim 1, féadfaidh sé/sí achomharc a dhéanamh. Caithfear an t-achomharc a chur isteach i scríbhinn. Cuirfear sonraí ar fáil sa chinneadh scríofa ar an ngearán maidir leis an nós imeachta le húsáid i gcás achomhairc

 

(i)        Socrófar éisteacht achomhairc ghearáin laistigh d’amscála a aontófar, agus tá an fostaí i dteideal ionadaí a thabhairt leis/léi chuig an éisteacht sin. Cuirfear réamhfhógra maidir leis an gcruinniú sin ar fáil i scríbhinn.

 

(ii)      Beidh ball sinsearach den lucht Bainistíochta agus/nó tríú páirtí iomchuí i láthair ag an gcruinniú lena chinntiú go dtugtar aird chuí ar an ngearán.

 

(iii)      Pléifear an cheist d’fhonn torthaí sásúla a chíoradh.

 

(iv)      Cuirfear cinneadh pras ar fáil don fhostaí, i scríbhinn, laistigh d’amscála réasúnta a aontófar.

(v)       Coinneofar taifead den chruinniú agus tabharfar cóip de dóibh siúd a bhí i láthair. Beidh an cinneadh tar éis Chéim 2 ceangailteach ar gach páirtí sa díospóid. Má tá fostaí mí-shásta leis an bhfreagra a tugadh ar an ngearán, caithfidh sé/sí glacadh leis nach féidir an scéal a réiteach chun a s(h)ástachta mar go bhfuil an nós imeachta ar fad ídithe.