1.1. COMHDHEISEANNA
Leagtar amach sa chaibidil seo polasaithe na heagraíochta i leith na nithe seo leanas:
- Polasaí Comhdheiseanna;
- Polasaí Frithchiaptha & Frithchiaptha Ghnéasaigh;
- Polasaí Frithbhulaíochta.
Is é polasaí na heagraíochta é go mbeidh timpeallacht oibre atá saor ó bhulaíocht, ciapadh nó imeaglú ann do gach fostaí. Ní ghlacfar le bulaíocht agus ciapadh san eagraíocht riamh.
Treisíonn na polasaithe thíos tiomantas na heagraíochta d’fhorbairt agus do chothú timpeallacht oibre atá saor ó chiapadh agus/nó leithcheal neamhdhleathach, agus atmaisféar ina léirítear meas ar dhínit gach fostaí.
AIDHM AN PHOLASAÍ
Is é aidhm an pholasaí seo tiomantas na heagraíochta a léiriú do chomhdheiseanna de réir cheanglais na nAchtanna um Chomhionannas fostaíochta, 1998 agus 2004 ó dheas agus an An tOrdú um fhostaíocht agus um Dhéileáil Chothrom (Tuaisceart Éireann) 1998.
Tacaíonn an polasaí freisin le cearta na ndaoine atá ag baint leasa as earraí nó seirbhísí faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann, 2000 agus 2004.
An aidhm atá againn ná chomhdheiseanna a chothú agus caitheamh go cothrom le gach fostaí, le gach iarratas ar phost, le custaiméirí agus le daoine a thagann i dteagmháil linn le linn a ngnáthoibre laethúla.
SCÓIP AN PHOLASAÍ
Tá an polasaí seo i bhfeidhm do gach ball d’fhoireann na heagraíochta agus gach iarratasóir ar phost leis an eagraíocht.
POLASAÍ
Cothaímid timpeallacht oibre atá saor ó chiapadh agus/nó leithcheal neamhdhleathach. Leagtar amach sna hAchtanna um Chomhionannas fostaíochta agus sna hAchtanna um Stádas Comhionann forais chosanta nach féidir leithcheal a dhéanamh bunaithe orthu. Is iad na forais sin:
- inscne,
- stádas pósta,
- stádas teaghlaigh,
- gnéaschlaonadh,
- aois,
- míchumas,
- cine,
- creideamh
- tuairim polaitiúil
- athrú inscne
- ballraíocht den Lucht Siúil.
Tá Glór na nGael tiomanta do chomhdheiseanna agus tá cleachtais i bhfeidhm aici i ndáil le rochtain ar fhostaíocht, ar choinníollacha fostaíochta, rochtain ar oiliúint agus ar thaithí, ardú céime nó athghrádú post, agus rangú post.
Ní dhéanfar cinntí ag tagairt do na forais seo mura bhfuil siad ina gcritéir dhlisteanacha sa chás áirithe, arna cheadú ag an reachtaíocht.
Tarlaíonn leithcheal díreach nuair nach gcaitear le duine amháin chomh maith céanna is a chaitear le duine eile, is ar caitheadh le duine eile nó ina gcaithfear le duine eile ar cheann de na forais atá sonraithe sa pholasaí seo. Tarlaíonn leithcheal indíreach nuair a chuireann foráil, ceanglas, polasaí nó riail duine le saintréithe áirithe faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le daoine nach mbeadh an tsaintréith sin acu.
NÓSANNA IMEACHTA
a. Rochtain ar Fhostaíocht:
- Beidh gach comórtas earcaíochta agus roghnúcháin oscailte do gach iarrthóir atá cáilithe go cuí.
- Déanfar cinntí earcaíochta de réir critéir shonraithe a éilítear don fholúntas áirithe sin.
- Féachfaidh Glór na nGael lena chinntiú go mbeidh an próiseas earcaíochta saor ó aon leithcheal, bíodh an leithcheal sin díreach nó indíreach, ar aon cheann de na forais.
- Déanfar gach iarrthóir, bíodh sé/sí ina (h)iarrthóir seachtrach nó inmheánach, a mheas de réir critéir chóra chomhleanúnacha i ndáil leis an bpost.
- I gcás go gcuireann an t-iarrthóir in iúl go bhfuil riachtanais speisialta aige/aici maidir lena rannpháirtíocht sa phróiseas earcaíochta agus roghnúcháin, cuirfear cóiríocht chuí ar fáil dó/di, ar an gcoinníoll nach mbeadh sé sin ina ualach díréireach.
b. Rochtain ar Oiliúint agus ar Thaithí
- Cuirfear oiliúint ar fáil ar bhonn na riachtanas indibhidiúil agus de réir cheanglas an phoist atá ag an bhfostaí, ach an acmhainn a bheith ag an eagraíocht.
- Ní bheidh roghnúchán don oiliúint bunaithe ar aon cheann de na forais.
- I gcás go gcuireann míchumas duine bac air/uirthi páirt a ghlacadh go hiomlán nó dul i mbun gníomhaíochtaí oiliúna, cuirfear cóiríocht chuí ar fáil ar an gcoinníoll nach mbeadh sé sin ina ualach díréireach.
- Cé go ndéanfar gach iarracht oiliúint a shocrú ionas go mbeidh fostaithe páirtaimseartha in ann freastal air, beifear ag súil go gcuirfidh fostaithe páirtaimseartha iad féin ar fáil, ó am go chéile, chun freastal ar oiliúint lasmuigh dá ngnáthuaireanta oibre.
c. Coinníollacha Fostaíochta
- Cuirfear téarmaí agus coinníollacha fostaíochta i bhfeidhm go cóir cothrom i gcás gach fostaí, gan aon bhaint aige le haon cheann de na forais atá luaite sna hAchtanna um Chomhionannas fostaíochta thuaidh & theas.
- Déanann Glór na nGael tréaniarracht timpeallacht oibre a sholáthar atá saor ó bhulaíocht, ó chiapadh nó ó chiapadh gnéasach.
d. Ardú Céime, Gníomhú ag leibhéal níos airde agus Athghrádú
- Beidh chomhdheiseanna ann ag gach céim den phróiseas ardaithe chéime, gníomhaithe ag leibhéal níos airde agus athghrádúcháin.
- Beidh roghnúchán le haghaidh ardú céime agus gníomhú ag leibhéal níos airde bunaithe ar chritéir shonraithe a bhaineann le ceanglais an phoist, agus ní bheidh aon bhaint ag na forais leis an bpróiseas roghnúcháin.
e. Rangú Post
- Bainfear úsáid as teidil phoist atá neodrach ó thaobh inscne de agus ní bheidh baint ag aon cheann de na forais le poist a rangú.
f. Cóiríocht Chuí
- Cuirfear cóiríocht chuí ar fáil ionas gur féidir le duine faoi mhíchumas cur isteach ar phost leis an eagraíocht, freastal ar agallamh, dul i mbun fostaíochta agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oiliúna de réir mar is infheidhme.
- Tá an gealltanas seo ann ar an gcoinníoll nach mbeadh a leithéid seo de chóiríocht ina hualach díréireach ar an eagraíocht, mura meastar go bhfuil a mhalairt iomchuí.
g. Stádas Comhionann
- Ní tharlóidh leithcheal ná ní chaithfear go neamhfhabhrach le duine fad is atá sé/sí ag baint leasa as earraí nó seirbhísí a chuireann Glór na nGael ar fáil, ach amháin nuair a cheadaítear é de réir dlí agus nuair a théitear ina bhun le haidhm dhlisteanach. Níor chóir go mbeadh aon duine a bhaineann leas as earraí nó seirbhísí faoi réir ciaptha nó ciaptha ghnéasaigh fad is atá siad ag baint leasa astu seo.
- Ba chóir aon ghearán maidir leis seo a chur faoi bhráid an Bainisteoir Acmhainní Daonna nó do bhainisteora líne.
- Má tá aon fhostaí den tuairim gur sáraíodh an polasaí nó an nós imeachta seo féadfaidh sé/sí an cás a chur in iúl trí mheán nós imeachta gearáin na heagraíochta (féach Caibidil 3).
- Ní chaithfear le haon fhostaí go neamhfhabhrach toisc gur chuir sé/sí cúis ghearáin in iúl i ndáil leis an bpolasaí seo.
- Déanfaidh Glór na nGael monatóireacht ar an láthair oibre chun a chinntiú nach dtarlaíonn aon eachtra íospairte toisc gur cuireadh cúis ghearáin in iúl.
- Cuirfidh Glór na nGael nósanna imeachta iomchuí smachta i bhfeidhm i gcás fostaí a dteipeann air/uirthi cloí leis an bpolasaí comhdheiseanna seo.