Tá Comhaltaí Foirne Ghlór na nGael i dteideal 24 seachtain ar a laghad de shaoire uchtaithe a thosóidh ar dháta socrúcháin an pháiste. Féadfaidh lánúin uchtála rogha a dhéanamh cén tuismitheoir a rachaidh ar Shaoire Uchtaithe, lánúineacha comhghnéis ina measc. Féadfar dul ar shaoire bhreise 16 seachtaine díreach i ndiaidh na tréimhse tosaigh a bhíothas ar shaoire uchtaithe.
Íocthar saoire uchtaithe ar an dóigh chéanna le saoire máithreachais.
Caithfidh tú a chur in iúl i scríbhinn do do Bhainisteoir Líne go bhfuil sé beartaithe agat dul ar shaoire uchtaithe ceithre seachtaine sula mbeartaítear an tsaoire a thosú.
Tá tuismitheoirí nua, nach iad máthair an pháiste iad, i dteideal dhá sheachtain saor ón obair, beag beann ar a dtréimhse seirbhíse roimhe sin, agus féadfaidh siad dul ar an tsaoire atharthachta am ar bith sna chéad sé mhí i ndiaidh na breithe nó an tsocrúcháin i gcás páiste uchtaithe. Is iad na tuismitheoirí ábhartha chun críocha saoire atharthachta athair an pháiste; céile, páirtí sibhialta nó comháitritheoir mháthair an pháiste; nó tuismitheoir páiste dheontóirghinte. Chomh maith leis sin, féadfaidh an duine eile sa lánúin nach bhfuil ag dul ar shaoire uchtaithe dul ar shaoire atharthachta.
Caithfidh Comhaltaí Foirne tréimhse fógra a thabhairt a luaithe is indéanta go réasúnta, nó tráth nach deireanaí ná ceithre seachtaine sula mbeartaíonn tú dul ar shaoire atharthachta.
Beidh ort deimhniú a thabhairt ó dhochtúir na máthar ag deimhniú an dáta a bhfuil súil le do pháiste, nó deimhniú ar dháta breithe iarbhír an pháiste má chuireann tú isteach ar an tsaoire i ndiaidh na breithe. I gcás páiste uchtaithe, caithfidh tú deimhniú socrúcháin an pháiste a sholáthar.
Tá aithreacha agus páirtithe, páirtithe comhghnéis san áireamh, atá ag súil le páiste i dteideal saoire gan phá chun dul chuig dhá choinne réamhbheirthe le máithreacha atá ag súil le páiste.
Áirítear le “páirtí” céile nó páirtí sibhialta na mná atá ag súil le páiste agus duine, de cheachtar gnéas, atá i gcaidreamh fadtéarmach léi. Tá an ceart sin i bhfeidhm cuma má gineadh an páiste go nádúrtha nó trí inseamhnú deontóra.
Tá an ceart sin agat freisin má tá tú le bheith i do thuismitheoir trí mháthairionadaíocht agus má tá tú i dteideal cur isteach ar Ordú Tuismitheora don pháiste a bheirtear tríd an máthairionadaíocht seo.
Caithfidh tú an t-am saor a úsáid chun tacú leis an máthair nó chun aire a thabhairt don pháiste agus a bheith páirteach i dtógáil an pháiste. Tagann cearta saoire atharthachta sa bhreis ar do liúntas laethanta saoire.
Is iad na tuismitheoirí ábhartha:
I gcás páiste uchtaithe, is é/í an tuismitheoir ábhartha:
Tá fostaithe Ghlór na nGael i dteideal 2 sheachtain de shaoire atharthachta. Íoctar pá as an dá sheachtain as a chéile sin.
Ba cheart do Chomhaltaí Foirne ar mian leo dul ar Shaoire Atharthachta a mBainisteoir Líne a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas:
Cuireann Glór na nGael teidlíocht Saoire do Thuismitheoirí ar fáil do Chomhaltaí Foirne incháilithe a thagann leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm i láthair na huaire. Tá na teidlíochtaí sin sa bhreise ar fhorálacha eile ar nós Saoire Mháithreachais agus Saoire Atharthachta.
Tá Comhaltaí Foirne i dteideal saoire do thuismitheoirí gan phá sa chás:
Má tá tú incháilithe, ón 1 Meán Fómhair 2020, féadfaidh tú dul ar saoire gan phá suas le 26 seachtain le haghaidh gach páiste a chomhlíonann na coinníollacha cáilitheacha. Féadfaidh máithreacha agus aithreacha araon leas a bhaint as an teidlíocht iomlán le haghaidh saoire do thuismitheoirí le haghaidh gach páiste.
Ní Comhaltaí Foirne i dteideal saoire do thuismitheoirí ach sa chás:
D’fhéadfadh Glór na nGael fianaise réasúnta a iarraidh ar:
D’fhéadfaí fianaise a thabhairt mar fhaisnéis a thugtar i ndeimhniú breithe an pháiste nó páipéir a dheimhníonn uchtú an pháiste.
Caithfidh Glór na nGael tréimhse saoire a tógadh le fostóir roimhe sin a chur san áireamh, agus coimeádann Glór na nGael an ceart dul i dteagmháil leo chun a fháil amach ar tógadh aon saoire i leith an pháiste chéanna.
Ar an gcaoi chéanna, má iarrann fostóir an Chomhalta Foirne amach anseo ar Ghlór na nGael sonraí a thabhairt faoi aon tréimhse saoire do thuismitheoirí a thóg an Comhalta Foirne i leith an Pháiste, tabharfaidh Glór na nGael an t-eolas sin don fhostóir.
Mura dtógann an Comhalta Foirne a dteidlíocht iomlán faoi 12ú breithlá an pháiste, caillfear an teidlíocht. Is é an t-aon eisceacht leis sin má iarrann an Comhalta Foirne dul ar saoire ach nach raibh siad in ann mar gur chuir Glór na nGael an tsaoire a athlá.
Caithfidh tú fógra a thabhairt do Ghlór na nGael go bhfuil sé i gceist agat dul ar shaoire do thuismitheoirí.
Caithfidh tú:
An tráth ar féidir dul ar Shaoire do Thuismitheoirí:
Ní fhéadfar dul ar shaoire do thuismitheoirí i dtréimhsí níos giorra ná seachtain amháin. Caithfear dul ar shaoire do thuismitheoirí i dtréimhsí seachtaine iomláine. Más mian leis an gComhalta Foirne dul ar saoire a mhairfidh níos lú ná seachtain amháin, comhairfear fós mar sheachtain iomlán óna dteidlíocht é. Sonraítear thíos an chaoi ar féidir le comhaltaí foirne dul ar shaoire do thuismitheoirí:
Caithfidh bearna deich seachtaine ar a laghad a bheith idir an dá thréimhse saoire do thuismitheoirí in aghaidh an pháiste.
Féadfaidh Glór na nGael tréimhse na saoire do thuismitheoirí a iarradh a chur ar athlá (seachas má bhaineann an t-iarratas leis an tréimhse díreach i ndiaidh breith páiste nó socrúchán uchtaithe páiste) sna cúinsí seo a leanas:
Más gá duit am saor a thógáil ón obair mar gheall ar chúinsí práinneacha teaghlaigh, d’fhéadfá a bheith i dteideal saoire le pá ar feadh tréimhse theoranta de réir na bhforálacha reachtúla atá i bhfeidhm. D’fhéadfadh an teidlíocht reachtúil do shaoire ‘force majeure’ teacht i bhfeidhm más gá duit a bheith i láthair láithreach le garghaol (do pháiste, chéile nó pháirtí, dheartháir nó dheirfiúr, thuismitheoir nó sheantuismitheoir) mar gheall ar ghortú nó tinneas i gcúinsí nach raibh aon choinne leo.
Faoin tsaoire seo, tá an Comhalta Foirne i dteideal dul ar saoire trí lá ar a mhéad i dtréimhse 12 mhí, nó cúig lá ar a mhéad i dtréimhse 36 mí. Má chuireann tú isteach ar shaoire force majeure le haghaidh cuid de lá, comhairfear an lá sin mar lá iomlán de shaoire force majeure.
Ba cheart fógra a thabhairt faoi shaoire force majeure a luaithe is indéanta go réasúnta. Nuair a fhilleann tú ón tsaoire sin, ba cheart duit achoimre i scríbhinn a thabhairt ar na fíricí a bhaineann leis an gcúis leis an tsaoire, lena n-áirítear an dáta a ndeachaigh tú ar an tsaoire agus do chaidreamh leis an té a bhí tinn nó a gortaíodh. Ag an bpointe sin, cinnfidh Glór na nGael an aicmítear an tsaoire i gceart mar theidlíocht force majeure, ag cur “triail shuibiachtúil réasúnta” i bhfeidhm agus ag fiafraí an raibh an cás práinneach, láithreach agus riachtanach.
D’fhéadfadh Glór na nGael dul i dteagmháil leis an bhfostóir a bhí agat roimhe seo chun a dheimhniú an ndeachaigh tú ar shaoire force majeure cheana.