Saoire agus Pá Máithreachais – Scéim nó Sochair- Tá 42 seachtain ar fáil faoi shaoire reachtúil mháithreachais na hÉireann (26 + 16 roghnach);
- An chéad 26 seachtain ag 100% de do mheántuilleamh seachtainiúil comhlán, gan aon uasteorainn
- Beidh na 16 seachtaine ina dhiaidh sin gan phá
|
Saoire agus Pá Atharthachta- Táthar i dteideal dhá sheachtain de shaoire atharthachta
- Íoctar pá an dá sheachtain as a chéile sin
|
Saoire Uchtaithe- níl ach tuismitheoir amháin ó lanúin i dteideal saoire uchtaithe
- i dteideal dul ar shaoire uchtaithe ar feadh 26 seachtain (íoctha ag Glór na nGael) agus ar shaoire bhreise uchtaithe gan phá ar feadh 16 seachtaine eile.
|
Saoire/Sochar Tuismitheora- Seacht seachtaine laistigh de dhá bhliain i ndiaidh na breithe nó an tsocrúcháin uchtaithe
- (Faoi láthair, íocann an Rialtas €274 in aghaidh na seachtaine, tá sé de rogha ag fostóirí cur leis lena ráta seachtainiúil).
|
Saoire do ThuismitheoiríI gcás saoire do thuismitheoirí, tá tuismitheoirí i dteideal dul ar shaoire gan phá ón obair chun am a chaitheamh ag tabhairt aire dá bpáistí. Féadfaidh tú dul ar shaoire do thuismitheoirí ar feadh 26 seachtain le haghaidh gach páiste incháilithe roimh a 12ú breithlá. Go hiondúil, caithfidh tú a bheith ag obair do d’fhostóir ar feadh bliain ar a laghad chun an tsaoire iomlán do thuismitheoirí a fháil. Caithfidh tú fógra sé seachtaine ar a laghad a thabhairt do d’fhostóir sula dtéann tú ar shaoire do thuismitheoirí. |
Saoire Phráinneach Teaghlaigh / Saoire Force Majeure |