
Comórann an dealbh seo 60 bliain de Ghlór na nGael, eagraíocht náisiúnta Gaeilge a eagraíonn comórtas náisiúnta. Ag baint úsáide as plaiceanna cré, déanann sí taifead ar ainmneacha na mbailte agus na gcathracha go léir a bhuaigh an trófaí náisiúnta. Tá cruth na deilbhe bunaithe ar ghallán, agus tá an maisiú ar dhromchla na deilbhe spreagtha ag Cumhdach Chlog Naomh Pádraig, iarsma ón 12ú haois atá maisithe le seoda. Tá an Cumhdach caomhnaithe sa Ghailearaí Náisiúnta. Tá íomhá na dtrí éan atá le feiceáil i lógó Ghlór na nGael léirithe ar an dealbh. Deir an t-ealaíontóir do dtagann siombal na dtrí éan ó fhabhalscéalta faoi Naomh Pádraig a deir gur mheall ceol na n-éan Pádraig ar ais go hÉirinn.
This sculpture commemorates 60 years of Glor na nGael, a national Irish language organisation that organises a nationwide competition. Using clay plaques it records the names of all the winning towns and cities. The shape of the sculpture is informed by standing stones, and the surface decoration is inspired by St Patrick’s Bell Shrine. This jewel encrusted, 12th century relic in the National Gallery was used as inspiration. The three birds of Glór na nGael’s logo were incorporated into the sculpture. The birds are taken from stories connected to the life of St Patrick, where the singing of the birds drew him back to Ireland.
1962 Mainistir na Féile, Co. Luimnigh
1963 Mainistir na Féile, Co. Luimnigh
1964 Baile Átha Luain
1965 Durlas, Co. Thiobraid Árann
1966 Durlas, Co. Thiobraid Árann
1967 Oileán Chléire, Co. Chorcaí
1968 Drom Collachair, Co. Luimnigh
1969 Bré, Co. Chill Mhantáin
1970 Dún Garbhán, Co. Port Láirge
1971 Baile Mhúirne/Cúil Aodha, Co. Chorcaí
1972 Caisleán a’ Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
1973 Clochán Bhréanainn, Co. Chiarraí
1974 Eochaill, Co. Chorcaí
1975 Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo
1976 Teampall an Ghleanntáin, Co. Luimnigh
1977 Dúiche Chrónáin, Baile Átha Cliath
1978 An tÁth Leacach, Co. Luimnigh
1979 Baile Munna, Baile Átha Cliath
1980 Trá Lí, Co. Chiarraí
1981 An Daingean, Co. Chiarraí
1982 Ceatharlach
1983 Inis, Co. an Chláir
1984 Baile an Easpaig, Co. Chorcaí
1985 Ráth Chairn, Co. na Mí
1986 Béal Feirste Thiar
1987 Tamhlacht, Baile Átha Cliath
1988 Paróiste an Chnoic, Co. na Gaillimhe
1989 Dúiche Chrónáin, Baile Átha Cliath
1990 Inis, Co. an Chláir
1991 Fionntrá, Co. Chiarraí
1992 Doire
1993 Carna, Co. na Gaillimhe
1994 Ceantar Naithí, Baile Átha Cliath
1995 Ceatharlach
1996 Béal Feirste Thiar
1997 An tAonach, Co. Thiobraid Árann
1998 Ráth Chairn, Co. na Mí
1999 Doire
2000 Paróiste an Chnoic, Co. na Gaillimhe
2001 Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
2002 Inis, Co. an Chláir
2003 Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Bhéal Feirste
2004 Trá Lí, Co. Chiarraí
2005 An Droichead, Deisceart Bhéal Feirste
2006 Paróiste an Chnoic, Co.na Gaillimhe
2007 An Clár as Gaeilge, Inis, Co. an Chláir
2008 Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
2009 An Droichead, Béal Feirste
2010 Glór Charn Tóchair, Machaire Rátha, Co Dhoire
2011 Gaelphobal an tSrátha Báin
2012 Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Co Dhún na nGall
2013 Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua
2014 Glór Charn Tóchair, Machaire Rátha, Co Dhoire
2015 Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
2016 Cumann Forbartha Chois Fharraige, Co.na Gaillimhe
2017 Glór na Móna, Béal Feirste
2018 Áislann Rann na Feirste, Dobhar, Co. Dhún na nGall
2019 Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste
2020 Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire
2021 Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
2022 Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Co. Dhún na nGall
2023 Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí
2024 Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire
Tá Glór na nGael beo, ní hamháin ar a cuid oibre féin, ach ar dhroim íobairtí agus obair chrua laochra teanga le blianta fada anuas. Le linn na tréimhse sin, is iomaí duine aonair agus grúpa pobail a sheas an fód ar son a bpobal féin, a dteanga féin agus a gceart féin.
Tá sé deacair dáta cruinn a chur le tús ré athbheochan na Gaeilge ach aithnítear go coitianta 1877 mar dháta tosaithe, bliain inar bunaíodh The Society for the Preservation of the Irish Language. Is cúis bhróid dúinn í go bhfuil Glór na nGael, ar feadh breis agus 60 bliain, mar chuid lárnach den stair sin atá ag dul siar ar a laghad 144 bliain.
Cé gur baineadh an t-uafás amach ó 1877, tá go leor le déanamh go fóill le nós teanga an phobail a athrú ó Bhéarla go Gaeilge. Tuigeann Glór na nGael go maith na dúshláin a bhaineann le sprioc den chineál sin a bhaint amach. Is gá ceannach isteach dearfach agus gníomhach a mhealladh ón oiread sin páirtithe, an Státchóras agus teaghlaigh na tíre ach go háirithe.
Mar sin, is é an bronntanas is luachmhaire gur féidir le Glór na nGael a bhronnadh orthu siúd a d’imigh romhainn agus orthu siúd atá le teacht inár ndiaidh, ná forbairt a dhéanamh ar an obair phobail, líon na dteaghlach atá ag tógail a gclann le Gaeilge a mhéadú agus an obair riachtanach stocaireachta le heagrais éagsúla stáit a spreagadh.
Gabhaim buíochas leis na coistí pobail Gaeltachta agus Gaeilge, grúpaí teaghlaigh, clubanna CLG, na Cumainn Ghaelacha sna coláistí tríú leibhéal, baill foirne reatha agus iarbhaill agus leis an iliomad páirtí eile atá ag Glór na nGael. Cuireann siad ar fad le saibhreas ár gcuid oibre.
Lorcán Mac Gabhann
Ceannasaí
Glór na nGael is active, not only through its own work, but on the back of the sacrifices and hard work of language heroes over many long years. During that time, many individuals and community groups have stood firm for their own communities, their own language and their own rights.
It is difficult to put an exact date on the beginning of the Irish language revival, but 1877 is commonly recognised as the starting date – the year in which The Society for the Preservation of the Irish Language was founded. We are proud that Glór na nGael, for over 60 years, has been a central part of that history which stretches back at least 144 years.
Although a huge amount has been achieved since 1877, there is still a great deal to do to change the community language habit from English to Irish. Glór na nGael fully understands the challenges involved in achieving such a goal. It is necessary to attract positive and active buy-in from so many partners – the State system and, especially, from families.
Therefore, the most valuable gift that Glór na nGael can bestow on those who went before us and on those who will come after us is to develop community work, to increase the number of families raising their children with Irish, and to stimulate the essential advocacy work with various State organisations.
I would like to thank the Gaeltacht and Irish-language community committees, family groups, GAA clubs, the Irish societies in third-level colleges, current and former staff members, and the many other partners that Glór na nGael has. They all contribute to the richness of our work.
Lorcán Mac Gabhann
Chief Executive
Is as Albain ó dhúchas do Alison Mac Cormaic, ach tá cónaí uirthi anois gar do Bhaile Locha Riach i gContae na Gaillimhe.
Oibríonn sí leis an ealaín mósáice agus mar oide ealaíne i scoileanna agus sa phobal. Úsáideann sí smalti Meicsiceach, tíleanna déanta de ghloine theimhneach, lámhdhéanta i Meicsiceo.
Tá roinnt coimisiún ealaíne poiblí curtha i gcrích ag Alison, den chuid is mó i bhfoirm mósáice. Tá tionchar ag patrún, ag an dúlra agus ag cruth an duine ar a cleachtas, agus tugann cáilíochtaí lámhtharraingthe carachtar do na saothair chríochnaithe.
Bíonn inspioráid sna coimisiúin shuíomhoiriúnaithe a dhéaneann sí ó oidhreacht chultúrtha na háite, lárnach sa líníocht bheo, agus baineann sí úsáid as teaglaim dathanna a sheinneann go binn le chéile.
Originally from Scotland, Alison Mac Cormaic now lives near Loughrea in County Galway, Ireland. She designs and constructs architectural mosaics for public spaces and smaller, and more intimate works for exhibition. Making mosaics in both two and three dimensions, she most frequently uses Mexican smalti, an exquisite, opaque, glass, handmade in Mexico. Her practice centres on three elements: working with glass, recording through drawing and celebrating colour. Influenced by pattern, nature and the figure, hand drawn qualities inform her finished works. She has completed a number of sculptural and architectural commissions in Ireland for The Arts Council, National Universities and County Councils and exhibited both nationally and internationally.
Alison has completed a number of public art commissions, mostly in the form of mosaics.Pattern, nature and the figure influence her practice, and the hand-drawn qualities give the finished works character. She draws inspiration for site-specific commissions from the cultural heritage of the place, with live drawing being central, and she uses colour combinations that sing harmoniously together.