Tá an veain seo, ar fáil le cuairt a thabhairt ar scoileanna agus ar ócáidí oideachasúla chun na háiseanna teagaisc
Gaeilge is úire a thaispeaint agus a mhíniú do mhuinteoirí.
Tá rogha iontach d’áiseanna ar an veain a chuireann go mór le teagasc na Gaeilge, ina measc tá leabhair, cluichí, bogábhar, CDanna, DVDanna, póstaeir, srl. le haghaidh bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.
Léirigh dúinn ar an fhoirm seo thíos go bhfuil spéis agat go tiocfaidh Veain Taispéantais COGG ar chuairt ar do scoil.
Glacfar le hiarratais ar chuairteanna le haghaidh chéad téarma scoile 23/24 má dhéantar an t-iarratas sin roimh 22ú Iúil 2023.
Tá seirbhís Veain Taispeántais COGG á chur ar fáil ag Glór na nGael.