Site logo

Triúr nua ag leibhéal bainistíochta

Ón 1 Meán Fómhair 2021 beidh trí aghaidh nua sa trí ról mar a bhaineann le Forbairt Pobail, Forbairt Gnó/Fiontraíochta agus Seirbhísí Riaracháin le Glór na nGael.

“Tá na ceapacháin seo á dhéanamh de bharr folúntais atá tar éis teacht aníos le roinnt míonna anuas, ina measc, imeacht Nóra Welby tar éis 41 bliain oibre a bheith curtha isteach aici san eagraíocht”, a deir Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann.

Frainc Mac Cionnaith

 

 

Is é Frainc Mac Cionnaith, arb as Contae an Dúin dó, a bhí ag plé le Forbairt Pobail san eagraíocht le 6 bliana anuas, a bheidh anois ag forbairt an réimse Gnó/Fiontraíocht.  I measc na tosaíochtaí a bheidh aige, beidh forbairt na scéime nua ghnó GRADAIM agus forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí a thugann Glór na nGael do Chumainn Gaelacha ollscoile agus institiúidí tríú leibhéal sa 32 contae.

 

Caitríona Nic Seoin

 

Is í Caitríona Nic Seoin, arb as Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall di, a bheidh anois ag plé le Forbairt Pobail san eagraíocht. I measc na gcúraimí náisiúnta a bheidh aice, beidh Comórtas Ghlór na nGael atá ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód i mbliana, Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha atá dírithe ar chlubanna an CLG, agus seirbhísi lárnacha eile a bheidh dírithe, ach go háirithe, ar choistí pobail atá ag triail ar stádais éagsúla a bhaint amach mar *LPT, Scéim FLG, BSG nó LG

 

 

Áinín Uí Chaiside
Is í Áinín Uí Chasaide, arb as Ard Mhacha di, a bheidh mar Bhainisteoir Seirbhísí Riaracháin san eagraíocht. Beidh sí i mbun cúrsaí airgeadais, pearsanra agus cumarsáide. Beidh an ról seo tábhachtach agus lárnach i bhforbairt na heagraíochta sna blianta amach romhainn.

 

 

 

Thar ceann na foirne agus an Bhoird Stiúrtha, guím gach rath ar an triúir acu agus iad i mbun a gcúraimí nua. Is cinnte go bhfeicfear torthaí a saothar ar ghlúin nua forbartha de chainteoirí Gaeilge”, Lorcán Mac Gabhann.

 

 *LPT – Limistéir Pleanála Teanga, Scéim FLG – Forbairt Líonraí Gaeilge, BSG – Baile Seirbhíse Gaeltachta, LG – Líonra Gaeilge