Site logo

Trí phost úr fógraithe ag Glór na nGael

Ar mhaith leat post in earnáil na Gaeilge, ag plé le forbairt na Gaeilge i measc clubanna CLG, i measc teaghlaigh agus i measc an phobail go ginearálta.

Tá áthas ar Ghlór na nGael le tacaíocht na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta na folúntais seo a leanas a fhógairt:

3x Oifigeach Forbartha & Painéal leibhéal Oifigeach Feidhmiúcháin

Is postanna úr iad seo a chuirfidh le foireann na heagraíochta.

Spriocdháta:
Is gá CV as Gaeilge agus litir chumhdaigh as Gaeilge a chur chuig post@glornangael.ie faoin Luan, 23 Meán Fómhair 2019 ag 5.00i.n.

Cliceáil anseo le gach eolas a fháil maidir leis na postanna.