Site logo

Tráth na gCeist Teaghlaigh – Gach Déardaoin

Tá luach breis agus €4,000 de dhuaiseanna le baint go dtí deireadh mí Lúnasa 2020.

Bígí linn Gach Déardaoin @ 19:00 

Tá áthas ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil siad ag cur go suntasach leis na hacmhainní atá dhá chur ar fáil ar líne mar thacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge.
Le cur leis an réimse tacaíochta tá clár beo Tráth na gCeist Idirghníomhach do Theaghlaigh dhá chraoladh ar Facebook Live uair sa tseachtain ar an Déardaoin.

Beidh ‘Foirm Freagraí’ an Tráth na gCeist Teaghlaigh ar fáil sa postáil facebook leis an craoladh agus roinnte go forleathan roimhré.

Eolas / Cur síos 

  • Is ar leathanach facebook Ghlór na nGael a bheidh an clár beo dhá chraoladh: https://www.facebook.com/glornangael/    beidh sé dhá ilphostáil ar leathanaigh eile.
  • Tosnóidh an sruth ag craoladh ag 18:55
  • Tosnóidh an Tráth na gCeist Teaghlaigh ag 19:00
  • Seacht mBabhta le 10 gceist ar théamaí éagsúil le freagairt ar ‘bhFoirm Freagraí* (Féach thíos)
  • Ceisteanna do pháistí agus do dhaoine níos sine 😀
  • Duaiseanna le baint gach seachtain (Féach thíos)
  • Beidh na láithreoirí, na ceisteanna, íomhanna/ábhar eile le feiceáil ar an scáileán ar facebook

Comhairle teicniúil

  • Beidh gá  2 fhuinneog ar oscailt in aon am amháin. Ceann don sruth beo ar facebook agus ceann don bhFoirm Freagraí
  • Is féidir ríomhairí, fóin póca nó táibléidí a úsáid chuige seo ach iad a bheith ceangailte leis an idirlíon.

*Foirmeacha

  • Tá Foirm Freagraí AMHÁIN in úsáid do na babhtaí go léir
  • Beidh Seoladh rphost agus Ainm na Foirne/na Clainne le scríobh ar an bhFoirm Freagraí
  • Ag deireadh babhta 7 caithfear an Fhoirm Freagraí le seoladh isteach (Ta cnaipe ag bun an fhoirm)

**Buaiteoirí / Duais

  • Tá dearbháin le luach iomlan €240 le baint gach seachtain. Beidh dearbháin le baint don www.Spailpin.iewww.oidhreacht.ie, www.cluiche.ie, cic.ie, www.antsnathaidmhor.com
  • Sa dá chás thuas má fhaigheann níos mó ná foireann amháin an scór is airde bronnfar an duais ar an fhoireann a sheol an Fhoirm Freagraí a thagann chugainn is gaiste/scioptha i ndiaidh an babhta deireanach.

Bígí linn Gach Déardaoin @ 19:00