Ar an gClár speisialta d’Iris Aniar, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta d’fhógair Nóra Welby, Bainisteoir agus Eoghan Mac Cormaic Leas Cheannasaí Ghlór na nGael torthaí Chomórtas 2016. Fograíodh suas le €79,000 de duaischiste ar maidin agus na duaiseanna sin roinnte ar choistí pobail Ghaeilge fud fad na tíre chomh maith le clubanna CLG.
Is iad na coistí seo a leanas buaiteoirí ina rannóga féin agus is iad a bheas san iomaíocht don seic mór €20,000 agus príomhdhuas na bliana a fógrófar níos móille ag an ócáid bronnta: Glór Cheatharlach (Coistí le daonra os cionn 20,000), Cumann Forbartha Chois Fharraige (Coistí Gaeltachta), Glór na Móna, Béal Feirste (Coistí le daonra idir 4,000 & 20,000) agus Coiste Forbartha Charn Tóchair (Coistí le doanra faoi 4,000).
Seo aitheantas don obair dheonach atá ar siúl i measc an phobail, agus is aitheantas na Duaiseanna seo ar an obair sin. Ba léir agus moltóireacht an chomórtais ar siúl go bhfuil an earnáil deonach Gaeilge agus dul ó neart go neart agus go bhfuil na coistí deoanacha ag baint éachta amach dá bpobail féin.
Bronnfar an príomhdhuas sa chomórtas do chlubanna CLG ar CLG Na Piarsaigh, Ros Muc agus tá Gradam Ghlór na nGael le bronnadh ar Séamus Mac Géidigh, an craoltóir agus tráchtaire spóirt a cailleadh anuraidh.
Ghabh Nóra Welby buíochas le Foras na Gaeilge, príomhurra an chomórtas, chomh maith le Roinn na Gaeltachta, Údaras na Gaeltachta, Roinn Oideachaias & Scileanna, Roinn Gnóthaí Eachtracha & Trádála, Cumann Lúthchleas agus na hurraithe eile chomh maith.
Bronnfaidh Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn na duaiseanna agus an príomhdhuais gur fiú €20,000 ag seamanas a bheidh ar siúl ar an Satharn 22 Aibreán in Óstán Carton House, Maigh Nuad. Tá liosta iomlán na nduaiseanna thíos.
Duaiseanna Speisialta (urraithe)
Duais Ógras €700 Cumann Gaelach Leath Chathail, Co. an Dúin
Duais Chonradh na Gaeilge €1,000 Craobh Mhaigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Duais an Fhorais Pátrúnachta €1,000 Gaeil Chill Dara
Duais an Fháinne (Gael Linn) Dearbhán €1,000 Bóirche Íochtar, Co. an Dúin
Duais COGG €2,000 Glór Locha Riach, Co. na Gaillimhe
Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe €1,500 Ros Muc 1916, Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall €1,500 Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Duais Chló Iar-Chonnacht Dearbhán €1,000 Cumann Forbartha Chois Fharraige, Gaillimh
Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta £1,500stg Glór na Spéiríní, Baile na Scríne, Doire
Duaiseanna Speisialta (Foras na Gaeilge)
Duais Chúigeach do Choistí Deonacha €1,500 an ceann
Cúige Chonnacht – Glór Chluainín, Co. an Longfoirt
Cúige Mumhan – Clochán Bhréanainn, Co. Chiarraí
Cúige Laighean – Gaeil Chill Dara
Cúige Uladh & an Iontráil Nua is Fearr €1,000 Cairdeas Eoghain, Co. Thír Eoghain
Duais Aitheantais €1,000 Club na Sionna, Co. an Chláir
GRADAM GHLÓR NA nGAEL Séamus Mac Géidigh
Comórtas CLG
Duais Chúige Mumhan €500 CLG na Gaeltachta, Baile na nGall, Ciarraí
Duais Chúige Laighean €500 CLG Chaisleán Cnucha, Caisleán Cnucha, BÁC
Duais Chúige Uladh €500 CLG na Sáirséalaigh, Cill Laobháin, Muineachán
Duais Chúige Chonnacht €500 Na Piarsaigh, Ros Muc, Gaillimh
Buaiteoir Náisiúnta €1,000 Na Piarsaigh, Ros Muc
Liosta na dTorthaí do Chomórtas 2016
Coistí le Daonra faoi bhun 4,000
1ú Duais €4,000 Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire
2ú Duais €3,000 Bóirche Íochtar, Co. an Dúin
3ú Duais €2,000 Glór Uachtar Tíre, Co. an Dúin
Coistí le Daonra ó 4,000 – 20,000
1ú Duais €4,000 Glór na Móna, Béal Feirste
2ú Duais €3,000 Cairde Teo, Ard Mhacha
3ú Duais €2,000 Pobal ar a’n Iúl, an Ómaigh, Co. Thír Eoghain
Coistí le Daonra 20,000 +
1ú Duais €4,000 Glór Cheatharlach
2ú Duais €3,000 Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste
3ú Duais €2,000 Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste
Coistí Gaeltachta (Urraithe ag Údarás na Gaeltachta)
1ú Duais €4,000 Cumann Forbartha Chois Fharraige, Gaillimh
2ú Duais €3,000 Comharchumann Mhic Dara, an Cheathrú Rua, Gaillimh
3ú Duais €2,000 Comhlacht Forbartha na nDéise, Port Láirge