Tháinig pointí trasna go láidir ag Fóram Oscailte do Thuismitheoirí – Dé Máirt 12 Samhain

Tá deiseanna do thuismitheoirí labhairt le chéile i measc na rudaí is mó a bhíonn de dhíth ar theaghlaigh a bhíonn ag tógáil clainne le Gaeilge.

Bíonn gá leanúnach le rudaí a chur ar fáil do pháistí óga (ar nós grúpa tuismitheoirí agus tachrán), le deis a thabhairt do na tuismitheoirí labhairt lena chéile.

Tá cruthú pobail labhartha Gaeilge ar an bhonn seo iontach tábhachtach agus an saol mór Béarla de shíor ag brú isteach orainn.

Tháinig na pointí seo trasna go láidir ag Fóram Oscailte do Thuismitheoirí a d’eagraigh an rannóg Theanga Tí de chuid Ghlór na nGael an tseachtain seo.

Chomh maith leis na pointí thuas ar ndearnad iad ag an tseisiún ar líne oíche Dé Máirt, tugadh le fios chomh maith go bhfuil géarghá le liosta d’fheighlithe linbh a bhfuil ar a gcumas seirbhís a thabhairt as Gaeilge.

Sa mhullach air sin moladh go mbeadh teacht ag tuismitheoirí ar naíolanna do na páisti le linn an lae oibre.

Pléadh acmhainní agus teacht ar sheirbhisí tacaíochta le linn don chruinniú. Moladh na hacmhainní atá ar fáil ar líne faoi láthair agus tugadh le fios gur chóir go mbeadh níos mó ann – scéalaíochta agus amhránaíocht as Gaeilge.

Is dushlán leanúnach é do thuismitheoirí teacht ar sheirbhísí sláinte trí mheán na Gaeilge. Is ceist chriticiúil í seo nuair a bhíonn seirbhisí teiripe urlabhra de dhíth. Bíonn idir ain-eolas na gcleachtóirí sláinte ar riachtanais páistí le Gaeilge agus agus an easpa infheistíocht atá déanta ag na húdaráis sláinte ar sheirbhísí as Gaeilge ina ábhar achrainn.

Tá fáilte roimh thuismitheoirí ag tógáil clainne le Gaeilge a gcuid tuairimí agus moltaí a roinnt nó aiseolas a thabhairt ar na seirbhísí atá ann cheana chuig Marcas Mac Ruairí ar marcas@glornangael.ie 

Marcas Mac Ruairí 

Roghnaigh do theanga / Choose your language