Deireadh Seachtaine Teaghlaigh

Deireadh Seachtaine Teaghlaigh

Bíonn ar a laghad Deireadh Seachtaine Teaghlaigh amháin á eagrú againn gach bliain. Díríonn an deireadh seachtaine ar theaghlaigh le Gaeilge sa bhaile, tugann sé deis do thuismitheoirí agus páistí ó fud fad na hÉireann teacht le chéile agus a gcuid Gaeilge a úsáid go sóisialta i suíomh fáiltiúil le craic agus spraoi ann do chách. Bíonn idir óg is aosta linn agus tagann teaghlaigh ó fud fad na tíre chun bualadh lena chéile. Ócáid fíor dheas a bhíonn ann gach bliain.

I mbliana tá muid ag tabhairt aghaidh ar…

Deireadh seachtaine Teaghlaigh sa Rinn 2026

Beidh teaghlaigh Ghaeilge ag tarraingt ar Ghaeltacht na Rinne arís i Mí Feabhra 2026 do dheireadh seachtaine lán imeachtaí spleodracha.  

Beidh siad linn i gColáiste na Rinne ar 20, 21 agus 22 Feabhra d’ócáid á eagrú le tacaíocht Glór na nGael, Dún Garbhán le Gaeilge agus Comhlucht Forbartha na Déise. Beidh siad ag fanacht thar oíche sa Choláiste ar an Aoine agus an Sathairn.

Beidh ceardlanna, siúlóidí agus cluichí, ceol agus neart níos mó ar siúl. Tabharfaidh an deireadh seachtaine deis do theaghlaigh seal sultmhar a chaitheamh trí Ghaeilge le teaghlaigh eile.

Beidh deis ag teaghlaigh nach bhfuil ag fanacht sa Choláiste bheith linn mar chuairteoirí lae do na himeachtaí ar chostas €100.  

Cuimsuíonn an costas lóistín agus béilte. Beidh páistí faoi thrí saor in aisce.

Nóta: Tá an clárúchán druidte anois, tá na spásanna lán – 05/02/2026 

Moltar dóibh siúd ar mhaith leo teacht spás a chur in airithe gan mhoill mar tá spásanna teoranta ann.

Le tuilleadh eolais a fháil is féidir teagmháil a dhéanamh le Marcas Mac Ruairí ag 086 171 9755 nó marcas@glornangael.ie

 

Faigh blaiseadh beag den chraic ‘s spraoi a bhíonn ar siúl againn…

Roghnaigh do theanga / Choose your language