
Tá an suíomh seo ina áis do thuismitheoirí atá ag tógail clainne le Gaeilge. Aimseoidh sibh;
Más mian leat grúpa Teanga Tí a bhunú i do cheantar, is féidir clárú linn thíos nó teagmháil a dhéanamh linn ar marcas@glornangael.ie
Faigh amach faoi imeachtaí i do cheantar, nó imeachtaí náisiúnta do theaghlaigh le Gaeilge. Déantar an féilire a nuashonrú gach mí. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh leis an bhféilire tríd an bhfoirm teagmhála a úsáid.
Is scéim tacaíochta é Cara Teanga Tí chun deiseanna teagmhála agus idirphlé a chur ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí le Gaeilge.
Tríd an scéim, bíonn deis ag tuismitheoirí atá ag tógail clainne le Gaeilge, nó iad siúd atá ag smaoineamh faoi, cinneadh s’acu agus ceisteanna eile a phlé le tuismitheoir eile a rinne an cinneadh céanna cheana féin.
Tugann an scéim deis do thuismitheoirí a bheith ag líonrú le chéile i mbealach praiticiúil agus straitéiseach. Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil saor in aisce tuismitheoir-go-tuismitheoir.
Más mian leat páirt a ghlacadh cliceáil ar an cnaipe anseo thíos nó déan teagmháil go díreach le Marcas Mac Ruairí ar marcas@glornangael.ie
Is teacht le chéile fíorúil é Caife agus Comhluadar a thugann deis do thuismitheoirí atá ag tógáil leanaí óga le Gaeilge teacht le chéile a tharlaíonn go seachtainiúil. Tugann sé deis teacht le chéile le haghaidh comhluadar, comhrá, comhairle agus cúpla rann, beag beann ar cá bhfuil daoine lonnaithe!
Bíonn achan seisiún difriúil agus bíonn an comhrá dírithe ar riachtanais na dteaghlach féin.
Mar thacaíocht bhreise do na teaghlaigh tá grúpa Whatsapp ann agus tugtar deis ansin do na teaghlaigh ceisteanna a ardú, comhairle a roinnt, moltaí d’áiseanna nó téarmaí srl agus tugtar meabhrúcháin do na tuistí gnóthacha faoi na seisiúin féin ann fosta.
Is féidir sceideal na seisiún a fheiceáil anseo: SCEIDEAL
Is féidir clárú nó má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le Marcas Mac Ruairí ar sinead@glornangael.ie
Is í an léachtóir, teiripeoir urlabhra agus teanga, agus an t-údar Mary-Pat O Malley atá i gcomhluadar Sinéad Ní Uallacháin agus í ag roinnt saineolas agus comhairle.