Tá Glór na nGael ag tabhairt faoi fhorbairt ghréasán de theaghlaigh Ghaeilge i scoilphobail
scoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta. Is é is sprioc leis an scéim thacaíochta, Teanga Tí,
ná spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh an Ghaeilge a labhairt níos minice sa
bhaile. B’fhéidir go bhfuil Gaeilge mheasartha ag tuismitheoirí agus iad ag iarraidh feabhas a
chur lena gcumas nó iad ar bheagán Gaeilge ach gur mian leo caighdeán níos airde a bhaint
amach. Tá áit ann dóibh sa scéim seo.
Bronnann an scéim €600 ar gach scoil a ghlacfann páirt agus cuireann na scoileanna airgead
maitseála de €300 ar fáil. Tacaíonn an maoiniú seo le heagrú ar a laghad ceithre imeachtaí do
na teaghlaigh rannpháirteacha.
Cad é an Sprioc le Teanga Tí?
Is í sprioc na scéime, Teanga Tí, ná spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh a
bhfuil páiste acu i ngaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta an Ghaeilge a labhairt níos
minice agus mar ghnáth-theanga sa bhaile.
Cé is féidir leo páirt a ghlacadh sa scéim, Teanga Tí?
Samhlaítear gur íosmhéid de chúig agus uasmhéid de naoi dteaghlach a bheidh páirteach i
ngach grúpa. Tá an scéim teoranta do theaghlaigh a bhfuil páistí acu i gaelscoileanna agus i
scoileanna Gaeltachta. Déanann an scoil iarratas rannpháirteachais ar son na dteaghlaigh.
Cad é mar a mhaoineofar Teanga Tí?
Beidh ciste tacaíochta airgid ann do gach grúpa a ghlacfaidh páirt sa scéim. Bronnann an
scéim €600 agus déanann gach scoil infheistiú €300, ie, airgid meaitseála. Éascaíonn an
maoiniú eagrú ar a laghad ceithre imeachtaí teaghlach bunaithe. Is ga do na tuismitheoirí
córas tuairisce a aontú le Glór na nGael chun taifead a choinneáil ar an chaiteachas.
Cad é a tharlaíonn nuair a fhaightear iarratas rannpháirteachais?
Is gá litir léiriú suime a chur Marcas Mac Ruairí ag marcas@glornangael.ie le hiarratas a
dhéanamh páirt a ghlacadh sa scéim.
Má éiríonn le hiarratas don sceim, eagrófar cruinniú idir na teaghlaigh agus Oifigeach
Forbartha Ghlór na nGael leis an scéim a mhíniú, an próiseas a phlé agus céimeanna le
nósmhaireacht teanga sa teach a aontú. Déanfar coiste Tuismitheoirí a bhunadh leis an
íosmhéid de cheithre imeacht a reachtáil agus tuairisciú a dhéanamh ar caiteachas na scéime.
Aontófar táscairí logánta le gach grúpa le dul chun cinn a thomhais.
Iarrfar ar gach grúpa:
1. Freastal ar chruinniú le hOifigeach Fhorbartha de chuid Ghlór na nGael
2. Páirt a ghlacadh i suirbhé maidir le húsáid teanga sa teaghlach
3. Glacadh le plean nosmhaireacht teanga sa teaghlach a athrú go Gaeilge
4. Íosmhéid de cheithre ócáid chlainne, tré mheán na Gaeilge, a eagrú i gcaitheamh na
scoilbliana do na teaghlaigh a bheidh rannpháirteach
5. Clár ama do na himeachtaí seo a aontú ag an tús
6. Glacadh leis an Chód iompar in Auisín 1; agus
7. Tuairisc a chur ar fáil do Ghlór na nGael ar an chaiteachas a bhaineann leis an scéim.
Beidh ar chumas Oifigeach Forbartha Ghlór na nGael ar fáil le treoir agus comhairle a
thabhairt i rith an ama.
Is é is sprioc leis an scéim Teanga Tí ná imeachtaí slán Gaelacha a chur ar fáil do theaghlaigh
agus gréasáin a fhorbairt. Tá sé de dhualgas ar thuismitheoirí a chinntiú go dtuigeann siad
agus go dtuigeann a bpáistí féin na rialacha agus an cód iompair seo a leanas:
1. An Ghaeilge
2. Tuismitheoirí
3. Páistí
4. An Timpeallacht
5. Tuairisciú
Ní foláir do thuismitheoirí agus do pháistí a thuiscint go bhfuil gá leis na rialacha seo lena
chinntiú go mbeidh imeacht fiúntach taitneamhach ag cách agus go gcaomhnaítear
timpeallacht na teanga. Beidh an tionscadal á riaradh de réir an mheamram comhthuisceana
seo idir an scoil, na tuismitheoirí agus Glór na nGael.
Eolas: marcas@glornangael.ie