Teanga Tí agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Tá an rannóg teaghlaigh de chuid Ghlór na nGael, Teanga Tí ag comhoibriú le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar Ghrúpaí Tuistí & Leanaí nua a bhunú sa chathair.

Tá grúpaí nua tuismitheoirí agus leanaí ag teacht le chéile ar bhonn míosúla i leabharlanna Rath Maoinis agus Sráid Chaoimhín. Níl aon amhrás ann go mbíonn na grúpaí seo mar spreagadh do na tuismitheoirí a bheith ag labhairt le chéile as Gaeilge i suíomh neamhfhoirmiúil i gcathair Bhaile Átha Cliath.

Tá sé mar aidhm againn atmaisféar suaimhneach, spraíúil, spreagúil a chruthú do na tuismitheoirí agus na páistí agus tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a ba mhaith leo a bpáistí a thógáil le Gaeilge. 

Bíonn na grúpaí seo ar siúl 10:30-12:00 gach dara Chéadaoin sa mhí i Rath Maoinis agus an dara Aoine deireanach sa mhí i Sráid Chaoimhín. 

Tá cead isteach saor in aisce ann agus tá breis eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Tara ar tara@glornangael.ie 

Roghnaigh do theanga / Choose your language