2


Ceannasaí
Tá Lorcán Mac Gabhann fostaithe mar Cheannasaí ar Ghlór na nGael ón mbliain 2001. Roimhe sin, chaith sé tréimhse fada le Foras na Gaeilge/Bord na Gaeilge i Rannóg na gCuntas agus sa Rannóg Forbartha Phobail. Trémhsí caite aige mar Chathaoirleach ar Ghaelscoil Thaobh na Coille, mar Chathaoirleach ar Ghaelcholáiste an Phiarsaigh, mar Chathaoirleach ar Iontaobhas na Gaelscolaíochta i mBéal Feirste agus mar Chathaoirleach ar an bpatrún scoile An Foras Patrúnachta.


Leas-cheannasaí, Bainisteoir Forbartha, Gnó agus Fiontraíocht
Tá Frainc Mac Cionnaith ag obair mar Bhainisteoir ar an Rannóg Fiontraíochta agus Gnó ó bhí 2021 ann. Tá an scéim 'GRADAIM Gnó na hÉireann', Comórtas Glór na nGael, Comórtas na gCumann Gaelach agus Veain Taispeántais COGG faoina chúram. Roimhe seo, chaith sé seal 6 bliain mar Bhainisteoir ar an Rannóg Forbartha Pobail idir 2015 agus 2021. Ceapadh Frainc ina Leascheannasaí ar Ghlór na nGael i 2023.
Is as Caisleán Uidhilín i gContae an Dúin ó dhúchas dó agus tá cónaí air anois i bparóiste Chill Chua sa chontae sin. Bhí sé ina Bhainisteoir Imeachtaí & Margaíochta i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste ar feadh seacht mbliana.


Bainisteoir Rannóg Theanga Tí
Is bainisteoir é Marcas Mac Ruairí ar an rannóg Teanga Tí a bhíonn ag tacú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge agus ag forbairt líonraí do na teaghlaigh sin. Is as Dún Pádraig, Co. an Dúin, dó ó dhúchas agus b’iriseoireacht a chéad ghairm. Tá blianta fada caite aige ag plé le cúrsaí Gaeilge. Chuidigh sé le bunscoil a bhunú i nDún Phádraig. Tá ceithre leabhar staire scríofa aige agus staidéar saineolach déanta aige ar an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh. Tá MA aige sa Ghaeilge Nua agus Dioplóma sa Phleanáil Teanga.


Bainisteoir Forbartha, Forbairt Pobail
Is as Gleann Cholm Cille i dTír Chonaill do Chaitríona Nic Seoin agus tá sí fostaithe ag Glór na nGael ó thús 2015, áit ar thosaigh sí amach mar oifigeach forbartha. Tá sí ag feidhmiú mar bhainisteoir ar an rannóg pobail ó mhí Mheán Fómhair 2021, agus tá na coistí pobail agus clubanna CLG atá cláraithe linn faoina cúram. Tá sí mar rúnaí ar Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille agus ar Choiste Stiúrtha Pleanála Teanga Ghaeltacht Iardheisceart Thír Chonaill, agus ina ball de chlub CLG Naomh Columba.


Bainisteoir Seirbhísí Riaracháin
Is í Áinín atá i mbun cúrsaí riaracháin agus airgeadais Ghlór na nGael. Bíonn sí ag déanamh cinnte go bhfuil na billí ar fad íoctha agus go bhfuil taifead cruinn á choinneáil ar gach pingin. Chomh maith leis sin, tá sí freagrach as Siopa Údar idir mhargaíocht, dhíolachán agus chruthú táirgí nua.
Tá Áinín ina cónaí in Ard Mhacha, agus oibríonn sí óna hoifig baile don chuid is mó ach bíonn sí ag obair as oifig Ráth Chairn chomh maith.


Bainisteoir Cumarsáide & Margaíochta
Tógadh Dara i gCois Fharraige, Co. na Gaillimhe. Chaith sé dhá bhliain mar Oifigeach Forbartha agus ceithre bliana mar Oifigeach Cumarsáide & Acmhainní Daonna le Glór na nGael. Roimhe sin bhí baint aige leis na meáin, idir teilifís agus nuachtáin in Éirinn agus sa Fhrainc.


Bainisteoir - Scéim na gCúntóirí Teanga
Is as Gaoth Dobhair i dTír Chonaill do Sara Ní Chuireáin ó dhúchas. Tá Céim Bhaitsiléara i nGaeilge aicí ó Ollscoil Uladh. Roimh post a fháil le Glór na nGael d’oibrigh sí le Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire agus le Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar i Co. An Dúin. Bhí sí ar choiste Foyle Pride i nDoire agus tá sí mar oifigeach Gaeilge ag CLG Ghaoth Dobhair. Thosaigh sí mar Oifigeach Forbartha le Glór na nGael sa rannóg pobail i 2019. Ceapadh Sara ina bainisteoir ar Scéim na gCúntóirí Teanga i 2023.


Oifigeach Forbartha
Is as Ráth Chairn, Co. na Mí d'Úna Ní Chonaire. Tá Úna ag obair leis an Rannóg Fiontraíochta agus Gnó.


Oifigeach Forbartha, Uladh
Is Eoghanach í Sinéad Ní Mhearnóg Uí Ghéibheannaigh as an Caisleán Glas i lár Sléibhte Mhuintir Luinigh. Tá Céim Bhaitsiléara aici i nGaeilge agus Spáinnis agus Máistreacht sa Phleanáil Teanga ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Tá Sinéad ag obair mar Oifigeach Forbartha in Iarthuaisceart na tíre leis an rannóg Teanga Tí. Baineann ról s'aici le deiseanna a thabhairt do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge bualadh le chéile agus cairdeas a chruthú.


Riarthóir Oifige - Siopa Údar
Tá ról ag Áine mar Riarthóir Oifige do Glór na nGael. Is as Ráth Cairn di, áit ar fhreastail sí ar scoil agus a bhfuil cónaí uirthi anois. Chomh maith le bheith ag obair san oifig i Ráth Cairn, oibríonn Áine le Siopa Údar - siopa ar líne atá á reáchtáil ag Glór na nGael agus a dhíolann cluichí agus táirgí Gaeilge lena gcustaiméirí.


Comhordaitheoir Tionscadal Veain COGG
Is é Donach comhordaitheoir Veain COGG. Rinne sé staidéar ar na ngrianghrafadóireacht san Institiúd Teicneolaíochta BÁC. Tá céim aige sa Ghearmáinis, bronnta ag Volkshochschule München. Tiomáineann sé taispeántas soghluaiste timpeall na tíre chun deis a thabhairt do mhúinteoirí na háiseanna teagaisc is déanaí agus is fearr do mhúineadh na Gaeilge a fheiceáil.


Oifigeach Forbartha - Forbairt Pobail
Is as an Áird Mhóir in Iorras Aithneach do Seán Ó Cuirrín. Tá an-spéis aige sa teanga, i gcúrsaí rothaíocht, peil agus saol an oideachais. Tá sé cáilithe mar mhuinteoir meánscoile Gaeilge, Corp Oideachas agus Tíreolaíocht. Tá Seán ag obair mar Oifigeach Forbartha i gCúige Laighean. An rud is fearr leis faoin bpost ná a bheith i measc an phobal ag bualadh le clubanna agus coistí ar fud Chúige Laighean.


Oifigeach Forbartha
Tá Seán de Paor ag obair leis an Rannóg Pobail. Oibrionn sé i gContaetha Átha Cliath agus Cill Dara. Is le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus le Coistí Pobail is mó a bhíonn sé ag plé.


Oifigeach Forbartha
Tá Pádraig Ó Neachtain ag obair leis an Rannóg Teaghlaigh 'Teanga Tí'. Is as Cois Fharraige, Co. na Gaillimhe dó ó dhúchas. Tá sé ag feidhmniú ar son Ghlór na nGael in iarthar agus i lár na tíre.


Oifigeach Forbartha Fiontraíochta agus Gnó
Rugadh Ceithleann i mBaile Átha Cliath ach tógadh í i nGaoth Dobhair. Tá sí ag obair mar Oifigeach Forbartha sa Rannóg Fiontraíochta agus Gnó agus í ag freastal ar Chúige Uladh agus Laighean.
Tá sí i mbun MSc sa Bhainistíocht & Gnó Digiteach le DCU faoi láthair agus tá MA aici i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge ó UCD.
Chaith sí trí bliana ag obair le Gael Linn i mBaile Átha Cliath leis an scéim 'Gaelbhratach' agus le Scéimeanna Oideachasúla na heagraíochta. Roimhe sin chaith sí seal ag obair le Cois Life, An Siopa Leabhar agus Apple. Tá Ceithleann mar bhall de chomhairle lucht féachana TG4. Tá suim aici sna meáin, sa cheol agus is maith léi a bheith ag taisteal.


Oifigeach Forbartha


Oifigeach Forbartha
Is as Baile an Tobair i gcontae Mhaigh Eo í Honoria. Bhain sí céim amach sa nGaeilge agus i Leann an Aistriúcháin in Ollscoil na Gaillimhe. Tá sí ag obair leis an rannóg pobail ag tacú le coistí pobail agus le clubanna CLG an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Honoria ag feidhmiú i gCúige Chonnacht.


Oifigeach Forbartha
Rugadh agus tógadh Cáit ar an Lorgain i dTuaisceart chontae Ard Mhacha. Tá céad chéim ónóracha aici sa Ghaeilge agus an Léann Cheilteach agus Máistreacht taighde i bhfoghraíocht agus fóineolaíocht na Gaeilge bainte amach aici ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Chaith sí na blianta luath dá saol oibre ag obair mar chúntóir Gaeilge i meánscoileanna ó Thuaidh agus chaith sí bliain go leith ag obair mar Oifigeach Forbartha na Gaeilge i gCathair Ard Mhacha. Lasmuigh den obair bíonn Cáit ag imirt peile agus ag feidhmiú mar Oifigeach Caidrimh Phoiblí dá club - Naomh Peadar ar an Lorgain.


Oifigeach Forbartha
Tá Clíodhna ag obair mar Oifigeach Forbartha sa Rannóg Pobail agus tá sí ag freastal ar chúige Mumhan. Is as Lannléire i gCo. an Lú di ó dhúchas ach tá sí ag cur fúithí i gCaisleán Ghriaire i gCo. Chiarraí ó 2020. Bhain sí céim amach i Léinn na Meán agus an Nua-Ghaeilge ó Ollscoil Mhá Nuad agus tá céim mháistreachta aici sa Nua-Ghaeilge leis. Bhíodh sí ag obair mar Leas-Uachtarán don Ghaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus mar chomhordaitheoir tionscadail le Conradh na Gaeilge. Tá a croí istigh i gcúrsaí spóirt agus cúrsaí craoltóireachta agus bíonn sí le cloisteáil ar an raidió go mion minic.


Oifigeach Forbartha
Tá Elaine ag obair linn sa Rannóg Teanga Tí i gCúige Mumhan. Oibríonn sí le teaghaigh atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid sa bhaile agus bualadh le daoine atá ar aon aigne leo.
Rugadh Elaine i gCorcaigh ach bhog sí go Chorca Dhuibhne ag aois a hocht. Is ansin i Lios Póil a fuair sí a cuid grá don Ghaeilge. Ina dhiaidh sin, bhí cónaí uirthi in áiteanna éagsúla i gCúige Mumhan idir Trá Lí, Corcaigh agus Tiobraid Árainn. Tá Elaine cáilthe mar mhúinteoir Gaeilge agus Tíreolaíocht. Taobh amuigh den saol oibre, is aoibhinn le Elaine canadh agus pictiúir a ghlacadh den dúlra, tá sí mar bhall don chór i dTrá Lí agus pé áit sa tír ina bhfuil sí tógfaidh sí pictiúr den tírdreach.
Is é an rud is fearr le Elaine faoin bpost ná bualadh le daoine gach lá agus ag eagrú imeachtaí Gaeilge.


Oifigeach Forbartha
Tá Tara ag obair sa Rannóg Teanga Tí i gContae Átha Cliath agus i gCill Mhantáin. Is Bleá Cliathach í atá tagtha tríd an gcóras Gaelscolaíochta. Tá céim sa Ghaeilge agus sa Socheolaíocht aici ó Choláiste na Tríonóide, agus tá an-taithí aici ag obair i saol na Gaeilge. Tá ceathrar páiste aici agus í féin agus a fear céile Seán, á dtógáil le Gaeilge i mBaile Átha Cliath.


Oifigeach Forbartha
Tá Niamh ag obair mar Oifigeach Forbartha sa rannóg Teanga Tí in oirthuaisceart na tíre. Rugadh agus tógadh Niamh in Iúr Cinn Trá agus is ansin a thit sí i ngrá leis an Ghaeilge agus í ag freastal ar an bhunscoil lán-Ghaeilge sa cheantar. Tá sí ag cur fúithí anois i mBéal Feirste. Tá céim sa Ghaeilge agus sa Fhraincis bainte amach aici ó Ollscoil na Banríona agus ta sí cáilithe mar mhúinteoir meánscoile Gaeilge agus Fraincs.