Leabhar Dathúcháin Yanki Dúidil Áiseann don Cháisc
_
_
Tá an teaghlach ar an áit is tábhachtaí le labhairt na Gaeilge agus saibhreas teanga a chinntiú don chéad ghlúin eile. Is é Glór na nGael an ceanneagras náisiúnta atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge mar theanga teaghlaigh. Comhoibrímis le grúpaí a bhfuil na spriocanna chéanna acu. Is é ról Ghlór na nGael ná a chinntiú go bhfuil tacaíocht agus comhairle ar fáil do theaghlaigh ar fud na tíre atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Bíonn clár imeachtaí á eagrú i rith na bliana lena n-áirítear: seachtainí saoire sa Ghaeltacht, deirí seachtaine sna ceithre cúigí, imeachtaí lae, scéalaíocht um Shamhna, cuairteanna Daidí na Nollag, picnicí na Bealtaine, seomra na dteaghlach ag Oireachtas na Gaeilge agus níos mó.
Tá tús curtha le scéim nua Glór na nGael, Teanga Tí, le labhairt na Gaeilge a spreagadh i measc teaghlaigh an scoilpobail. Beidh ciste tacaíochta de luach €900 ag dul leis an scéim in aghaidh na scoile a thacóidh an maoiniú seo le heagrú imeachtaí do na teaghlaigh rannpháirteacha. Tá breis eolais ag an nasc seo.
Tá straitéis náisiúnta don Ghaeilge mar theanga teaghlach molta ag Glór na nGael sa chaipéis I dTreo Plean Straitéiseach Don Ghaeilge Mar Theanga Chlainne. Is é bunchuspóir na straitéise molta ná spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí lena leanaí a thógáil trí mheán na Gaeilge. Tá teacht ar an straitéis ag an nasc seo.
Tá sé de chúraim ag Glór na nGael tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo an Ghaeilge a bheith mar phríomhtheanga baile acu. Bímíd ag tabhairt tacaíocht do ghrúpaí teaghlaigh, grúpaí tuistí agus leanaí agus imeachtaí. Tá eolas sa treoirleabhar seo faoi dhea-chleachtas agus rialacha na ngrúpaí a thacaíomid leo.
Tá dhá dhoiciméad foilsithe ag Glór na nGael lán chomhairle do ghrúpaí pobail maidir le dualgais s’acu féin faoi le Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí, nó GDPR mar aithnítear iad sa Bhéarla.