Tá Glór na nGael chun tacaíochtaí a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaeilge a bhfuil Úcráinigh ag fanacht leo.
Tá teaghlaigh fud fad na hÉireann ag tabhairt dídean dóibh siúd a d’éalaigh ón chógadh sa Úcráin.
Tríd a gcuid tithe agus croíthe a oscailt agus fáilte a chur roimh phobal na hÚcráine, tá muintir na hÉireann ag tacú le maolú a dhéanamh ar an bhfulaingt atá ag éirí as an ghéarchéim dhaonnúil in oirthear na hEorpa.
Tá sé i gceist ag Glór na nGael tacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaeilge a bhfuil teaghlaigh ón Úcráin ag fanacht leo.
Chuige sin, bunóidh Glór na nGael grúpa ar WhatsApp do theaghlaigh Ghaeilge a bhfuil na teaghlaigh ag fanacht leo. An aidhm a bheidh leis an ngrúpa ná spás lárnach, tacúil trí Ghaeilge a chur ar fáil chun deis a thabhairt do na teaghlaigh dúshláin chomónta a phlé, eolas a roinnt agus dea-chleachtas a roinnt is a fhorbairt le chéile.
Cuirfear fóram plé ar líne ar fáil chomh maith.
Ar a bharr sin, ba mhaith le Glór na nGael roinnt deiseanna a chur ar fáil do theaghlaigh ón Úcráin an Ghaeilge a chloisteáil agus a úsáid i slí spraoiúil, nádúrtha agus aithne níos fearr a chur ar theaghlaigh le Gaeilge.
Tabharfar cuireadh do theaghlaigh páirt a ghlacadh i seisiúin rannta agus amhráin ar líne. Tabharfaidh na seisiúin seo deis do na teaghlaigh ón Úcráin blaiseadh beag den Ghaeilge a chloisteáil tríd na rannta agus amhráin agus deis do na teaghlaigh ó Éirinn roinnt rannta agus amhráin ón Úcrain a chloisteáil.
Agus iad ag cur aithne ar a chéile, tá dóchas ann go gcuideoidh sé seo le na teaghlaigh Úcráiníse socrú isteach in Éirinn.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le marcas@glornangael.ie le tuilleadh eolais a fháil nó scéal a chur chuig 086 171 9755.