Sheol Glór na nGael suíomh gréasáin do theaghlaigh Ghaeilge inniu. (Is féidir an seoladh a fheilceáil ANSEO)
Is í an údar aitheanta do pháistí, Máire Zepf a rinne an seoladh go hoifigiúil go fíorúil ar na meáin shóisialta.
Dúirt Marcas Mac Ruairí, Bainisteoir Rannóg na dTeaghlach le Glór na nGael:
“Cuireann Glór na nGael tacaíocht agus comhairle ar fáil do theaghlaigh ar fud na tíre atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Bhí sé ina chéim nadúrtha dúinn tabhairt faoi fhorbairt www.teangati.ie.
“Is cúis bróid é go bhfuil www.teangati.ie á sheoladh againn. Beidh sé ina ais lárnach do theaghlaigh ina bhfuil na páistí á dtógáil le Gaeilge. Ní amháin ábhar Ghlór na nGael féin ach ábhar tacáiochta agus úsáideach atá cruthaithe ag eagrais eile.
“Creideann Glór na nGael gur sa teaghlach a chinntítear saibhreas teanga na Gaeilge do na glúinte romhainn agus go gcuirfidh an suíomh seo le saibhreas Gaeilge dóibh siúd a bhainfidh tairbhe as.
“Tá an suíomh deartha le go mbeidh sé éascaí a úsáid agus na nascanna furasta a leanúint. Freastalóidh sé ar riachtanais do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge, riachtanais nach raibh chomhlíonta chuige seo.”
Lean sé leis: “Beidh www.teangati.ie á fhorbairt i rith an ama amach anseo agus tugann Glór na nGael cuireadh do thuismitheoirí scéal a chur chugainn má tá rudaí ar leith ar mhaith leo a fheiceáil ar an suíomh.”