Comórtas le Scagairí Gaeilge ar Snapchat

An bhfuil na scagairí nua Gaeilge feicthe agaibh ar Snapchat? Tá siad iontach, féach ar an cheann seo ón Saoire Teaghlaigh i nGaeltacht Chiarraí ar na mallaibh. Tá na scagairí seo ar fáil le mí anuas agus tá níos mó ná 10 milliún snaps curtha ó shin.
Le ceiliúradh a dhéanamh ar an dul chun cinn seo tá muid ag ofráil duais don snapchat is fearr ó theaghlaigh Ghaeilge fud fad na tíre. Ba mhaith linn an ghalamaisíocht is fearr a fheiceáil ón Chabhán go Corcaigh agus ó Thír Eoghain go Tiobraid Arann. Ná bígí cuthaileach, bígí cruthaitheach!
Beidh trí dhuais le dearbhán €40 ó www.udar.ie ar fáil do bhuaiteoirí an chomórtais agus cuirfear na grianghraif ar fad isteach ar ár suíomh agus sa chéad eagrán eile den nuachtlitir.
Cuir na snaps chugainn mar ghabháil scaileáin ag ainin@glornangael.ie roimh 17:00 ar an 22 Meán Fómhair 2017.