Beidh Fóram na dTeaghlach dhá eagrú ag Glór na nGael ag Oireachtas na Samhna.
Is ócáid é seo le heolas a roinnt agus barúlacha tuismitheoirí a bhailiú maidir leis na riachtanais agus na dúshláin a bhaineann le tógáil clainne le Gaeilge. Pléfear feasacht, comhairle agus tacaíocht phraiticiúil, gréasánaíocht agus acmhainní.
Is í Muireann Ní Mhóráin (Príomhfheidhmeannach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) a bheidh mar éascaitheoir ar an lá. Beidh sé ar siúl sa seomra ‘Mumhan’ in Óstán an Brehon, Cill Áirne ag 15:30 Satharn 3 Samhain 2018.
Tá an ócáid dhá eagrú i gcomhar le Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Tús Maith agus Muintearas.
Trending Now
Nuachtlitir Theanga Tí 6 Eanáir 2022
January 8, 2023
Nuachtlitir Theanga Tí 20 Eanáir 2023
January 20, 2023