Tá dhá dhoiciméad foilsithe ag Glór na nGael lán chomhairle do ghrúpaí pobail maidir le dualgais s’acu féin faoi le Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí, nó GDPR mar aithnítear iad sa Bhéarla. Is reachtaíocht é RGCS a thugann cearta don saoránach maidir leis an eolas a choinníonn eagrais agus gnólachtaí futhú.
Tá impleachtaí tromchúiseacha ann dóibh siúd a sháraíonn na rialacha.
Míníonn Measúnú Tionchair agus RGCS/GDPR Treoir do Choistí Pobail conas gur féidir le grúpaí pobail na rioscaí a bhaineannn le Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí a mheas. Tugann an doiciméad faoi na buntáistí a bhaineann le measúnú, cén uair gur chóir tabhairt faoina leithéid, na céimeanna a bhaineann leis agus na páirtithe gur chóir bheith bainte leis an
bpróiseas.
Leagann an dara doiciméad, RGCS/GDPR Cearta do Dhaoine Aonair Treoir do Choistí Pobail, amach na cearta a éiríonn as an reachtaíocht seo don duine aonair.
Is é an Coimisiún Um Cosaint Sonraí atá freagrach as feidhmiú RGCS.