10 Rud ar Chóir do Thuismitheoirí le Páistí Dátheangacha a Sheachaint

1 – Ná bí ag cáineadh
Ná cáin úsáid teanga do pháistí. Má bhíonn fonn ort in amanna an focal a úsáideann siad, a gcuid foghraíochta nó gné ar bith eile den chumarsáid a cháineadh, déan iarracht gan seo a dhéanamh. Má mhothaíonn tú gur mhaith leat bealach eile le rud a rá a mholadh, déan athrá ar an mhéid a dúirt siad ar bhealach níos fearr nó níos oiriúnaí nó spreag iad teacht aníos le rogha níos fearr iad féin.
2 – Ná déan comparáid
Ní maith an rud é do pháistí a chur i gcomparáid lena chéile. Tá gach páiste difirúil agus bíonn siad ag foghlaim agus ag forbairt ar rátaí éagsúla. Ná cuir i gcomparáid iad lena siblíní nó le páistí eile. Is ag cuidiú leo bheith muiníneach ag úsáid na Gaeilge a ba chóir duit bheith dírithe.
3 – Ná bí ag dúil le ‘cur i láthair’
Is cuma cé chomh brodúil atá tú as Gaeilge do pháistí, ná iarr orthu Gaeilge a labhairt os comhair daoine eile le cruthú go dtig leo. Is féidir le páistí bheith an-ghoilliúnach agus eagla bheith orthu meancóga a dhéanamh. Bí cinnte go mbíonn an comhrá i gcónaí nadúrtha.
4 – Ná bí ag magadh
Bíodh spraoi agat ag labhairt Gaeilge le do pháistí ach ná déan magadh faoina gcumas Gaeilge. In amanna deir páistí rudaí an-ghreannmhar agus seafóideacha agus iad ag foghlaim teanga, ach ná déan míol mór as.
5 – Ná bí ag dúil le foirfeacht
Ba bhreá linn dá mbeadh Gaeilge fhoirfe ag ár gcuid páistí i gcónaí. Ní minic a tharlaíonn sé seo. Bíonn éagsúlacht mór idir páistí-fi idir siblíní. Smaoinigh ar na rudaí is tábhachtaí. An bhfuil siad in ann cumarsáid a dhéanamh le clann agus cairde? An bhfuil siad in ann an Ghaeilge a úsáid ina saol laethúil? Má tá, ní fiú bheith buartha faoi chorrbhotún anseo is ansiúd.
6 – Ná bí á gceartú i gcónaí
Nílimid ag rá nár chóir duit cuidiú le do pháistí, ach ná déan nós as go dtí go bhfuil tú ag ceartú gach uile rud a deir siad. Téann seo i bhfeidhm go mór ar an fhéinmhuinín agus ar an fhéinspreagadh. Déan iarracht iad a spreagadh agus iad a mholadh.
7 – Ná bí righin
Tá rialacha ann ar féidir iad a leanúint le cinntiú go dtógann do phaistí Gaeilge agus iad ag fás, ach ná bí ró-righin fá dtaobh dóibh nó imeoidh an spraoi ón fhoghlaim. Tá sé ceart go leor athrú idir teangacha anois is arís. Ba mhaith leat go mbainfidh na páistí sult as an Ghaeilge, níor chóir go mbeadh obair i gceist léi nó rud ar mhaith leis na páistí í a sheachaint.
8 – Ná cuir stop leis an chumarsáid
Creideann cuid tuismitheoirí nár chóir freagra a thabhairt ar pháiste nach labhraíonn an teanga ‘ceart’. Níor chóir duit an nós seo a thóiseacht. Seans go mbeidh tú ag labhairt teanga difirúil le do pháiste, ach is cuma a fhad is go bhfuil cumarsáid ag tarlú.
9 – Ná bí ag éileamh
Ba mhaith leat do pháistí a chur ag labhairt Gaeilge, ach ní éireoidh leat má chuireann tú iachall orthu. Is é fonn a dhéanann foghlaim, cuir fonn orthu Gaeilge a fhoghlaim trí timpeallacht spreagúil agus cuidiúil a chruthú. Bainfidh gach duine sa teaghlach sult as an fhoghlaim má dhéantar seo.
10 – Ná Géill
Beidh laethanta ann agus mothóidh tú nach bhfuil ag éirí leat nó nár mhaith leat leanúint leis. Má mhothaíonn tú mar seo, smaoinigh ar cén fáth ar thosaigh tú ar an turas teanga seo le do pháistí sa chéad áit. Smaoinigh ar na buntáistí uilig a bhaineann leis an dátheangachas. Labhair le tuismitheoirí Gaeilge eile agus iarr tacaíocht uathu-beidh siad níos mó ná sásta cuidiú leat. Beidh tú an-sásta nár ghéill tú.