Tá lúcháir ar Ghlór na nGael go bhfuil teacht ag an phobal anois ar an taighde a rinneadh le déanaí ar éifeacht Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Ba í an chuideachta comhairliúcháin Barr Feabhais a rinne an taighde ar son Ghlór na nGael faoi stiúr an Dr Mhichíl Uí Dhuibh agus a chomhghleacaithe Caitríona Ó Torna agus Máire Ní Fhearraigh. Ghlac 48 club de chuid na Fondúireachta páirt sa taighde trí shuirbhé a chomhlánú níos luaithe i mbliana.
Ba é Eoin Ó Droighneáin, Príomhoifigeach Straitéisí agus Tacaíochtaí Náisiúnta Teanga agus Logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a sheol an taighde mar chuid de Bhronnadh Náisiúnta na Fondúireachta a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ag deireadh mhí na Samhna.
Tugadh le fios sa taighde gur chláraigh 514 club de chuid CLG, Chumann Camógaíochta na hÉireann agus Chumann Pheil na mBan le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ó cuireadh tús léi in 2017. Ba iad na contaetha ba mhó tóir ar an scéim ná Áth Cliath, Gaillimh, Tír Eoghain, Cill Chainnigh, Luimneach, Ard Mhacha, an Dún, Dún na nGall, Aontroim agus Doire.
Ó cuireadh an scéim ar bun, leithdháileadh miondeontais de €518,745 san iomlán, a chuir go mór le feiceálacht, le foghlaim agus le húsáid na Gaeilge i gclubanna ó cheann ceann na tíre. Tháinig ardú ar luach na miondeontas bliain i ndiaidh bliana ó €27,462 in 2017 go €108,298 in 2023.
Léiríonn na torthaí go bhfuil na clubanna sásta le héifeachtacht agus tráthúlacht na spriocanna, le tacaíocht, acmhainní agus cumarsáid ó Ghlór na nGael agus le hoiriúnacht na scéime do riachtanais na gclubanna. Léirigh na clubanna ardleibhéal sásaimh le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha go ginearálta.
Chomh maith leis sin, chuir na clubanna roinnt mhaith moltaí fiúntacha chun tosaigh sa suirbhé ar bhealaí a dtiocfaí an scéim a fheabhsú. Beidh an taighde agus na torthaí seo in úsáid ag foireann Ghlór na nGael agus ag Cumann Lúthchleas Gael féin agus iad ag pleanáil do thodhchaí Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha.
Tá Glór na nGael fíorbhuíoch don 48 club de chuid na Fondúireachta a ghlac páirt sa suirbhé agus do Barr Feabhais a chuir an taighde le chéile ar ár son. Is féidir teacht ar an taighde ag ANSEO
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar maith le clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a léamh anseo nó bí i dteagmháil linn ag clg@glornangael.ie.