Site logo

Tacaíocht Shaineolach do Theaghlaigh

Tá réimse de shaineolaithe aimsithe ag Glór na nGael ar féidir leo tacaíocht trí mheán na Gaeilge a thabhairt do theaghlaigh/tuismitheoirí. Tá réimse leathan téamaí ó cothú fonn léitheoireachta i bpáistí go disléicse clúdaithe sa réimse oibre a dhéanann na saineolaithe seo.

Má tá spéis ag tuismitheoir tabhairt faoi sheisiún tacaíochta i gceann de na téamaí thíos luaite is féidir leo dul go dtí suíomh www.TeangaTi.ie agus foirm iarratais a líonadh isteach agus cuirfear iad i dteagmháil go díreach leis na saineolaithe. Tá liosta iomlán na dtéamaí ar an bhfoirm. 

Mar thacaíocht sa bhreis tá líon teoranta seisiúin íoctha ag Glór na nGael. Má ghlactar le hiarratas beidh an chéad seisiún, a dhéanfar ar Zoom, íoctha ag Glór na nGael agus déanfaidh an saineolaí teagmháil chun am an tseisiúin a aontú. Má bhíonn breis seisiúin ag teastáil is faoi an tuismitheoir é sin a phlé agus a aontú go neamhspleách leis an tsaineolaí. 

Dar ndóigh tá sé go hiomlán de rogha an teaghlach glacadh nó gan glacadh le comhairle an tsaineolaí agus ní ghlacann Glór na nGael aon fhreagracht as toradh aon chomhairle curtha ar fáil ag tríú pháirtí.

Réimse téamaí:

  • An Dátheangachas 
  • Sóisialú Teanga le páistí 
  • Ag Cothú Fonn Léitheoireachta 
  • Gníomhaíochtaí agus Spraoi sa Bhaile 
  • Ag Tógáil Páistí le Gaeilge 
  • Forbairt Teanga agus Urlabhraíochta 
  • Uathachas agus Teiripe Urlabhra & Teanga 
  • Stadaireacht (stuttering) 
  • Fadhbanna Fuaimeanna a rá 
  • Deacrachtaí Teanga a Úsáid agus a Thuiscint 
  • Disléicse agus fadhbanna Urlabhraíochta agus Teanga 
  • Fadhbanna le scileanna sóisialta 
  • Bailbhe roghnach 
  • Páistí i suíomh ina bhfuil coimhlint/scaradh idir thuistí 
  • Comhthuismitheoireacht 
  • Folláine mheabhrach an linbh (le buairt/imní)